‘Pé maitheas a rinne mé sa saol, rinne mé é an lá úd a thug mé Artúr agus Excalibur le chéile.’ Lig Merlin osna. ‘Is fíor go bhfuil draíocht sa lann. Ach ní féidir solas réalta a chur i gcomparáid le solas na Gréine, agus níl sa draíocht atá againn anseo ach scáil na scáile.’
‘Cén fáth gur mise a roghnaigh sé?’
Las meangadh ar aghaidh Merlin. ‘Is maith an rogha a rinne sé, nach ea?’
‘Is maith, sílim, ach ní thuigim cén fáth.’
‘B’in iad na focail chéanna a dúirt Artúr. Agus bhí an freagra sna focail sin.’
‘An é gur roghnaíodh mé mar nach dtuigim cén fáth? Dá dteastódh uaim a bheith i mo bhanríon, ní roghnódh an claíomh mé?’
‘Is fíor an méid sin agus tuilleadh. Cad atá anseo i do chroí?’ Dhruid Merlin le Clíona agus an lann sínte aige ina treo.
‘Is gnáthchailín mé.’
‘Cineálta?’
‘De ghnáth.’
‘Cróga?’
‘Uaireanta.’
‘Grámhar?’
‘Mo mham, mo dhaid, mo mhamó. Mo chol ceathracha.’
‘Bhfuil tú ionraic?’
‘Tá.’

33