‘I ndáiríre? Bhí an-iontas ar Chlíona faoin airgead ach bhí fearg uirthi ag an am céanna. Bhí rud éigin gránna ag baint leis an gcomhrá. Bhí draíocht agus spraoi ag baint leis an gclaíomh, ach bhí na fir seo glic, suarach.
‘Cinnte dearfa.’
‘An dtabharfaidh sibh teach nua dom freisin? Agus fan go bhfeicfidh mé, túr banphrionsa ar an teach agus seomra léitheoireachta ag barr an túir? Agus cúisíní agus fuinneoga agus seilfeanna líonta le leabhair?’
‘Déarfainn go bhféadfaí a leithéid a shocrú.’
‘Agus capaillíní amuigh sa ghairdín...’
‘A Chlíona.’ Bhí a mam ag iarraidh uirthi stopadh, mar a thuig Clíona. Ach ní raibh sí in ann stopadh. Bhí sí ar buile le Sir Christopher ar chúis éigin. Rinne sé bulaíocht ar Dylan, dar léi.
‘Agus carr nua bándearg do mo mham. Agus ceann corcra do mo dhaid. Agus páirc imeartha nua do mo chlub agus clós cispheile do mo scoil agus teilifíseán ollmhór agus linn snámha phríobháideach agus...’ Bhí meangadh ar Dylan. ‘Sea, giotár do Dylan, agus...’
‘A bhean óg,’ arsa Sir Christopher léi. ‘Is tairiscint an-dáiríre í seo. Táimid sásta cúig mhilliún punt a chur ar fáil duit. Is féidir leat pé rud is maith leatsa a cheannach leis.’
‘Cúig mhilliún!’ Go hurramach a dúirt Clíona é. ‘Cá bhfuil an claíomh, dála an scéil?’
D’fhéach an triúr fear i dtreo boird ag bun an tseomra. Is ann a bhí an claíomh, ina luí ar éadach bog gorm istigh sa chás inar chuir an saighdiúir é. Chuimhnigh Clíona ar an áthas a bhí uirthi nuair a tharraing sí amach as an gcarraig é.

27