‘Ceart go leor, beidh mé páirteach sa searmanas.’
Tháinig dreach míshásta ar Dylan agus d’fhéach a mam ar Chlíona go hamhrasach.
Sméid an Rí a cheann léi. ‘Cinneadh an-chiallmhar.’
‘Míneoidh an Stiúrthóir anseo ord na hócáide duit agus déarfaidh sé leat cad iad na focail chuí.’ Thug Sir Christopher comhartha don searbhónta. ‘Agus anois b’fhéidir gur mhaith libh braon tae agus císte sa Seomra Lae?’
‘Mmmm, císte. Ba bhreá liom é.’
‘A Chlíona,’ arsa a mam léi. ‘Má theastaíonn uait gan searmanas a bheith ann, abair é agus ná bí ag magadh faoin rí.’
‘Ó ach teastaíonn.’

28