‘Is éard is mian linn ná go mbeadh d’iníon páirteach in ócáid bheag ag Westminster, le bhur gcaoinchead. Ag an ócáid, feicfidh gach duine an claíomh á thabhairt aici don Rí agus déarfaidh sí gurb é siúd oidhre dlistineach na ríochta.’ D’ardaigh Sir Christopher a dhá lámh san aer agus chuala Clíona na boinn ar a éide ag gliogaireacht. ‘Beimid go mór faoi chomaoin agaibh.’
Bhí dreach smaointeach ar mham Chlíona. ‘Tuigim.’
‘An féidir linn na socruithe a dhéanamh don ócáid? Amárach, abair? Tá muintir na tíre ag éirí an-suaite agus b’fhearr dúinn rudaí a chiúnú anois.’
‘Beidh ort an cheist sin a chur ar Chlíona.’
‘A Mham. Níl sin cóir. Níl mé ach a dó dhéag; níl a fhios agamsa cad is fearr.’
Tháinig luisne ar Chlíona nuair a dhírigh Sir Christopher a aird uirthi.
‘Cad a deir tú, a bhean óg?’
‘Ná déan é,’ arsa Dylan go híseal agus a shúile ar an urlár. ‘Is tusa atá mar rogha ag an gclaíomh. Tá an tír ar do shon.’
‘Tch, tch.’ Go himníoch agus go crosta a d’fhéach an searbhónta ar Dylan.
‘Ná bíodh caint ar bith ar thréas ná a leithéid.’ Bhí guth Sir Christopher socair ach giorraisc agus d’ardaigh sé a dhorn go feargach. D’ísligh sé a lámh arís go mall agus dhírigh sé a shúile géara, gorma ar ais ar Chlíona.
‘Tabharfaimid milliún punt duit as an méid a dhéanfaidh tú don tír.’

26