‘Faraor, tá muintir Shasana an-mhaoithneach faoin Rí Artúr.’ Shín sé a lámh i dtreo an phictiúir agus thuig Clíona gurbh é an rí cáiliúil a thaispeáin sé. D’fhéach sí go géar ar an gclaíomh sa phictiúr ach seachas an dornchla, bhí sé an-difriúil le Excalibur. Ní raibh eolas maith ag an ealaíontóir ar Excalibur, ba léir.
‘Is trua liom a rá go bhfuil a lán daoine ag iarraidh go seasfaidh an Rí siar agus go mbeidh tusa i do bhanríon. Tuigim nach mian leat sin a dhéanamh?’ D’fhéach Sir Christopher ar Chlíona, a chroith a guaillí. ‘Bheadh sé dodhéanta, ar ndóigh. Níl eolas ar bith agat ar rialú tíre, agus bhí a Mhórgacht ag traenáil don ról ar feadh a shaoil. Rud eile, is Éireannach thú.’
‘Cén bhaint atá aige sin leis?’ Labhair mam Chlíona go feargach. ‘Ón nGearmáin a tháinig do shinsear féin, creidim?’
‘Is fíor sin,’ arsa an Rí go socair. ‘Ba Ghearmánaigh cuid acu. Agus tá mé cinnte gur duine an-bhreá í d’iníon. Ach ní bheadh tuiscint ar bith aici ar nósanna na tíre seo: cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí míleata, an pholaitíocht agus mar sin de.’
‘Tá mé go maith ag foghlaim.’
‘Ó cinnte,’ arsa an Rí, é beagán neirbhíseach.
‘Bímis macánta faoi seo.’ D’fhéach Sir Christopher sna súile ar mham Chlíona.

25