Bhí an domhan mór ag faire uirthi. Seans go raibh a daid ag faire. Smaoinigh Clíona air agus chuir sí a dhá lámh ar an gclaíomh...
Leath a súile go himníoch. Sheas sí ina staic. Níor chorraigh an claíomh.
‘Áááá.’ Lig an slua osna uafáis. Chroith an láithreoir a cheann. Bhí iontas ar an treoraí. Bhí béal Dylan ar oscailt le teann díomá. Fiú a mam, bhí dreach beagán brónach uirthi.
‘Ag magadh atá mé.’ Tharraing Clíona an claíomh amach agus d’ardaigh sí san aer é lena dhá lámh. Lig sí béic bhuacach. Bhí sí ar mhuin na muice. Bhí sí ag eitilt, nach mór, amhail is go raibh sí lán de dhraíocht is de chumhachtaí banríona. Chuala sí bualadh bos agus gártha áthais ar gach taobh, a chuir straois mhór gáire uirthi arís eile.
Bhí sí sona sásta i lár an tslua, go dtí gur chuala sí torann dranntáin. Thuas go hard sa spéir, bhí héileacaptar ar a shlí go dtí an caisleán. Bhí an torann ag méadú go bagarthach. Go mall, torannach a d’ísligh sé sular thuirling sé sa chlós go réidh.
Rith fir in éide saighdiúirí ina treo. Bhí bosca fada tanaí ag duine acu, cosúil le cás giotáir. Sciob sé Excalibur ó Chlíona agus chuir sé sa bhosca é. Threoraigh saighdiúir eile a mam go dtí an héileacaptar agus d’ardaigh beirt eile a lámha chun greim a bhreith uirthi! Bhí croí Chlíona ag preabadh chomh tapa leis na liáin a bhí ag casadh go fíochmhar ar an héileacaptar. Bhí a cuid gruaige dorcha á sioscadh timpeall ar a cloigeann ag séideáin an aeir.

20