‘A Mham!’
Ní raibh aon mhaith ann. Bhí torann agus rírá ar gach taobh. Theastaigh ó Chlíona í féin a scaoileadh saor ach bhí uirthi géilleadh do na saighdiúirí. Bhí uirthi fanacht lena mam.
‘Tá mise ag teacht freisin!’ a bhéic Dylan.
‘Go tapa!’ a d’fhreagair saighdiúir. Rug sé ar ghualainn Dylan agus bhrúigh sé isteach sa héileacaptar é.
Bhí siad thuas san aer go luath. Bhí dreach crosta ar na saighdiúirí a bhí á ngardáil.
‘Cad atá ar siúl?’ a bhéic mam Chlíona agus an torann á bodhrú.
D’fhéach duine de na saighdiúirí uirthi go fuarchúiseach. ‘Tá sibh ag dul ar cuairt ar an Rí.’

21