Lá deas geal a bhí ann, an spéir gorm agus solas na gréine ar bhallaí an chaisleáin. Bhí an charraig mhór sa chlós ag glioscarnach agus bhí loinnir ar an lann a bhí ag gobadh amach ón gcloch. D’éirigh Clíona beagán buartha agus í ag féachaint mórthimpeall. B’fhéidir nach sleamhnódh an claíomh amach as an gcarraig inniu? Bheadh díomá mór ar an slua. Bheadh náire an domhain uirthi féin dá mbeadh sí beo ar an teilifís agus an claíomh greamaithe sa chloch.
Níorbh é an treoraí a bhí i gceannas anois ach láithreoir teilifíse an BBC. Dúirt sé le Clíona seasamh ar bharr na carraige. Dúirt sé leis na criúanna ceamara seasamh ag bun na carraige. Chuir sé an slua i gciorcal timpeall ar an gcarraig. Bhí mam Chlíona taobh thíos di. Thug Clíona féachaint ghasta uirthi agus rinne a mam meangadh, rud a chabhraigh go mór léi.
D’fhéach an láithreoir ar an innealtóir fuaime, a sméid a cheann. Bhí Clíona ar bior, í chomh neirbhíseach go raibh cnap ina bolg. Chrom sí agus chuir sí a lámh ar an gclaíomh.
Tharraing gach duine anáil ag an am céanna agus iad ag faire uirthi. Chuala sí ‘Úúú’ á rá acu.
‘Fan go fóill.’ Shín an láithreoir a lámh in airde agus d’fhéach sé i dtreo an cheamara. Lig sé síos a lámh. ‘Agus táimid beo ar an aer ag Carraig Artúir. Inné tharraing cailín óg as Baile Átha Cliath, Clíona Ní Liatháin, an claíomh cáiliúil amach as an gcloch. Déanfaidh sí an rud céanna arís inniu. A Chlíona, le do thoil.’

19