Caibidil 5: Cuairt ar an Rí 

Nuair a d’fhág Clíona an t-óstán, fuair sí bualadh bos mór ón slua lasmuigh agus iad ag ligean gártha áthais.
‘Tá sí anseo!’
‘Féach uirthi!’
‘An Bhanríon Clíona!’
Bhí beagán eagla uirthi agus aird ag na céadta duine uirthi. Ach bhí a mam lena taobh agus cé go raibh corraíl sa slua – na daoine ar cúl ag brú chun tosaigh chun í a fheiceáil i gceart – d’fhág na daoine in aice léi spás go leor aici.
Ar ais leo go dtí an caisleán: na criúanna ceamara ag streachailt lena gcuid trealaimh; dreach dáiríre, fásta suas, ar Dylan; dreach an-dáiríre ar mham Chlíona; agus craobh an domhain ag an treoraí maidir le dáiríreacht. Ach bhí an slua a lean iad breá sona, sásta. Chroith siad bratacha Shasana agus bratacha na hÉireann san aer agus iad ag caint is ag cabaireacht lena chéile.

18