‘Ní mian in aon chor, go raibh maith agat.’
‘Ach cad faoin gclaíomh, an dóigh leat gur cheart don rí teacht agus an claíomh a tharraingt as an gcloch más féidir leis é? Chun a chruthú gurb é siúd an rí dlisteanach?’
‘Caithfidh sé féin é sin a bheartú.’
‘An bhfuil teachtaireacht agat dó?’
‘Níl.’
‘Maith go leor,’ arsa an láithreoir de gháire. ‘Tá mé cinnte gur mór an faoiseamh dóibh i bPálás Buckingham a chloisteáil nach mbeidh d’iníon i gceannas ar an tír.’
Thiontaigh sé go dtí an ceamara. ‘Fad atá Clíona Ní Liatháin ar a slí go dtí an caisleán, fillfimid ar an stiúideo. Tá saineolaí ar an stair Artúrach againn, an tOllamh Augustus Smythe, a mhíneoidh an tábhacht atá leis an gclaíomh agus leis an gcarraig i ndlí Shasana.’
Sheas an láithreoir, rinne sé meangadh agus chroith sé lámh le Clíona agus lena mam. ‘Maith sibh. Seo linn go dtí an caisleán, más ea.’

17