‘Ní... Níl a fhios agam. Ach cad eile atá ann? Rinne gach duine iarracht an claíomh a tharraingt amach ach theip orthu.’
‘Ar mhaith leat a bheith i do bhanríon ar Shasana?’
‘Ba chuma liom, ach níl eolas ar bith agam ar an tír. Ar aon nós, ní thabharfaidh mo mham cead dom.’
Ní raibh sé i gceist aici iad a chur ag gáire, ach d’imigh an dáiríre de gach duine go tobann. Bhí an mícreafón ag croitheadh agus an t-innealtóir fuaime ag iarraidh smacht a fháil ar a gháire.
‘Nach mbeadh sé aisteach,’ arsa an láithreoir agus meangadh air, ‘dá mbeadh cailín Éireannach ina banríon ar an tír seo?’
‘Bheadh’. Chroith Clíona a guaillí.
‘Cad a déarfaidh siad sa bhaile faoi seo? An mbeidh sceitimíní orthu?’
Smaoinigh Clíona ar a mamó, a múinteoir, a col ceathracha agus a cairde. ‘N’fheadar. Ní dóigh liom go gcreidfidh siad é.’
‘An dtarraingeoidh tú amach an claíomh uair amháin eile don lucht féachana? Creidfidh siad go léir é ansin, b’fhéidir?’
‘An bhfuil cead agam, a mham?’
Níor fhreagair a mam láithreach í.
‘Le do thoil! Beidh gliondar ar Dhaid.’
Bhí beagán náire ar Chlíona gur luaigh sí a daid chun brú a chur ar a mam. Ach d’imir a mam an cleas céanna an lá roimhe sin.
‘Ceart go leor, uair amháin eile ar son na teilifíse.’
‘Agus tusa, a Bhean Uí Liatháin, an mian leat a bheith i do Ríonmháthair?’

16