Cabidil 5: Mar a n-Insítear Scéala na Nollag agus Dúthracht Jimín don nGandal

Caithfidh mé insint mar gheall ar an Nollaig a bhí againn.
Chuaigh Mam go dtí an Daingean cúpla lá roimh Nollaig—í féin agus Daid—agus thug siad an capall leo agus cliabh agus bosca sa chairt.
Bhí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi dhá ghé — chun ceann acu a thabhairt do dhochtúir na mbeithíoch, agus an ceann eile a thabhairt d'fhear an Bhainc, mar sin é an duine a bhfuil airgead Mham ar fad i gcoimeád aige, agus tá an-mheas aici air.

A fhad a bhí siad sa Daingean chuaigh mé féin go dtí an Gleann Domhain agus an scian mhór agam, agus téadáinín, agus thug mé abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuair mé eidhneán i bhfothrach na Cille.
Nuair a bhí mé ag gabháil thar doras aici tháinig Nell Mháire Aindí amach chugam ag plámás liom ag iarraidh go dtabharfainn roinnt cuilinn di. Cheap sí go mbeinnse i m'amadáinín aici, agus bhí sí do mo mholadh agus ag tabhairt "buachaillín maith" onn agus á rá go bhfaighinn féirín uaithi i gcomhair na Nollag.

33
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 33

Scéalta