Bhíos chun iarracht den bhróig a thabhairt dó nuair a chuala dhá raispín de bhuachaillí an Daingin
ag gáire faoin gcábóig tuaithe ar leag na bróga nua é. Bhí olc agus crá croí orm féin agus
dá bhrí sin thug mé dorn sa phus do dhuine acu.
Thug an bheirt acusan fúmsa ach leag Micilín duine acu, agus rith an dara duine acu uaim féin.
Bhí siad an chuid eile den tráthnóna ag faire orainn agus ag tabhairt 'cábóg' agus rudaí eile orainn, ach ní thiocfaidís i ngiorracht fiche rámhainn dinn, mar bhíomar fara Daid agus mo mháthair.

Bhí se déanach nuair thángamar abhaile an oíche sin. Bhí an-mhisneach ar m'athair tar éis an lae agus bhí sé á rá gur mhaith an saol a bhí ann, agus gur mhaith an buachaill Jimín, agus nach raibh aon bhean in Éirinn ab fhearr ná Mam. Bhíodh sise á rá leis éisteacht ar eagla aon duine á chlos.
Thug mé milseáin agus úll go dtí Cáit agus bhí an-saol againn á n-ithe agus d'inis mé di mar gheall ar an aonach, agus ar an Daingean agus rudaí deasa a bhí ann.

* * *

Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is baol go bhfuil deireadh leis an saol seo aige. Cad a dhéanfaidh mé má fhaigheann Mam fios an scéil?

32
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 32

Scéalta