"Anois cé mhéad míle ó bhaile a bheadh sé?" arsa an Máistir.
"Ní fheadar," arsa míse.
"Léan ar do cheann cipín!" arsa an Maistir,
"nach dtuigeann tú dá n-imíodh capall 10 míle in uair an chloig go rachadh sé 240 míle i gceithre huaire fichead."
"Ní rachadh," arsa mise; "chaithfeadh sé stad, nó thitfeadh sé leis an ocras, nó d'imeodh crú uaidh, nó rachadh cloch ina chrúib nó …"
"Éist do bhéal," arsa an Máistir, agus olc air chugam.
"Sín amach do lámh."
Tharraing sé dhá stiall de shlait ar mo laipín, a mhic ó, a chuaigh trí mo chroí, agus chuir se síos go bunna scoile mé nuair bhí mé ag gol.
Bhí mé i bhfad thíos i mo shuí agus mé cráite go leor agus mo chroí lán d'olc. Bhí mé ag cuimhneamh ar an saghas báis ba mhaith liom a thabhairt don Mháistir.

11
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 11

Scéalta