As a cheann amach is ea a cheapann sé iad gan ghá gan riachtanas.
Bíonn sé scafa chun ceisteanna a cheapadh chun sinn a chur i bponc.
"Dá mbeadh ceithre cinn de mhuca ar aonach ag duine agus
dá bhfaigheadh sé cúig phunt seascad orthu - an mór an ceann é sin?"
Sin é an saghas ceisteanna a bhíonn ag an Máistir. Cad ab áil leis an Máistir ná le haon duine eile a fhiafraí an mór an ceann é sin? Má fuair duine 65 phunt ar cheithre mhuc nach bhfágfadh an Máistir mar sin é agus gan bheith ár gcrá-na mar gheall ar an scéal. Ach ní fhágann—ní hé sin an saghas é.
Ar seisean linne lá—ag léamh as leabhar a bhí sé—
"Capall ar sodar - rachadh sé deich míle in uair an chloig: cé mhéad míle ó bhaile bheadh sé i gceann ceithre huaire fichead?"
Bhuel, ní raibh 'fhios agamsa agus d'éirigh mé as. Bhí cuid acu a dhein é agus nuair a tháinig an Máistir chomh fada liomsa d'fhéach sé orm.
"An amhlaidh nach bhfuil 'fhios agat é?" ar seisean.
"Níl 'fhios, a Mháistir," arsa mise.
Ansin chuir sé na figiúirí ar an gclár dubh.
"A ceathair faoina deich?" ar seisean.
"Sin a daichead," arsa mise.
"A dó faoina deich?" ar seisean.
"Sin a fiche," arsa mé féin.
"Agus a ceathair?"
"Sin a ceathair fichead," arsa mise. Chuir sé 240, ansin, síos.

10
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 10

Scéalta