Mí Feabhra
Déardaoin
1
Aoine 2
Satharn 3
Domhnach 4
Luan 5
Máirt 6
Céadaoin 7
Déardaoin 8
Aoine 9
Satharn 10
Domhnach 11
Luan 12
Máirt 13
Céadaoin
14
Déardaoin 15
Aoine 16
Satharn 17
Domhnach 18
Luan 19
Máirt 20
Céadaoin
21
Déardaoin
22
Aoine 23
Satharn 24
Domhnach 25
Luan 26
Máirt 27
Céadaoin 28
Déardaoin 29
1 Mí Feabhra
Lá Fhéile Bríde
Is é Naomh Bríd naomhphátrún baineann na hÉireann.
Rugadh í i AD 450 i gCo Lú, gar do Dhún Dealgan
Chaith sí a hóige ag glanadh an tí dá hathair, ag cócaireacht dó agus ag tabhairt aire dá ainmhithe.
Ba phágánach í.
Mhair sí le linn thréimhse Naoimh Pádraig.
Spreag sé í lena sheanmóireacht agus rinneadh Críostaí di.
Nuair a bhí sí ocht mbliana déag d’aois, bheartaigh sí teach a hathair a fhágáil chun a bheith mar bhean rialta ag obair ar son Dé.
Chaith sí a laethanta ag guí agus ag tabhairt aire do dhaoine bochta nó do dhaoine a bhí tinn.
Chuala go leor cailíní faoin obair charthanachta a bhí ar bun aici agus tháinig siad chun cabhrú léi san obair sin.
Theastaigh ó Bhríd clochar a thógáil ach ní raibh airgead ná talamh aici.
De réir an tseanchais, bheartaigh sí iarraidh ar Rí Laighean talamh a thabhairt di ach ní raibh sé sásta cuidiú léi.
D’imigh sí chuige an dara huair ag impí air an méid talaimh is a chlúdódh a clóca a thabhairt di. Bhí an Rí sásta leis an mbeart seo agus é ag féachaint ar a clóca ar an talamh.
Ach go tobann, thosaigh an clóca ag fás agus ag fás go dtí go raibh go leor talaimh clúdaithe aige chun clochar a thógáil.
Bhí ionadh an domhain ar an Rí.
Thuig sé go raibh sé tar éis rud éigin neamhghnách a fheiceáil agus go raibh Bríd beannaithe ag Dia. Bheartaigh an Rí cabhrú léi an clochar a thógáil.
Ba é an clochar i gCill Dara an clochar ba cháiliúla a thóg Naomh Bríd. Deirtear go raibh an clochar lonnaithe in aice crainn darach an áit ina bhfuil Cill Dara, an baile, suite sa lá atá inniu ann.
Fuair sí bás agus í 75 bliain d’aois.
Cuireadh í le Naomh Pádraig agus Naomh Colmcille i nDún Phádraig.
Tugtar Muire na nGael mar ainm ar Naomh Bríd.
Tugaimid onóir di ar an gcéad lá Feabhra gach bliain, Lá Fhéile Bríde.
Ón mbliain 2023 beidh lá saoire bainc nua in Éirinn in onóir do na daoine, idir altraí, dochtúirí agus oibrithe cúraim a thug aire do dhaoine tinne le linn na paindéime, COVID 19.
Is omós cuí é do Naomh Bríd an lá saoire nua seo a bheith ar lá a féile toisc gur chaith sí a saol mar altra ag tabhairt aire do dhaoine tinne.
Is nós traidisiúnta é go ndéantar crosóg Bhríde ar Lá Fhéile Bríde a thiteann ar an gcéad lá Feabhra.
Déantar an chrosóg as luachair agus crochtar os cionn an dorais í chun an teach a chosaint ó thine agus ó olc.
De réir an tseanchais, iarraidh ar Naomh Bríd teacht go leaba bháis tiarna éigin i gCill Dara.
Ba phágánach é agus theastaigh óna mhuintir go ndéanfaí Críostaí de sula bhfaigheadh sé bás.
Deirtear gur thosaigh Naomh Bríd ag fí na crosóige ó luachair a bhí ar an talamh fad is a bhí sí ag tabhairt sóláis dó.
D’fhiafraigh an tiarna di cad a bhí ar siúl aici agus d’inis sí dó faoi Dhia agus an bhrí a bhí leis an gcrosóg.
D’éist an tiarna go géar le Naomh Bríd.
D’iompaigh sé ar an gCríostaíocht agus baisteadh é sula bhfuair sé bás.
Ó shin i leith, bíonn ómós tugtha do chrosóg Bríde agus leantar leis an traidisiún go dtí an lá atá inniu ann.
Saintréithe an Earraigh
Tá ceithre shéasúr sa bhliain: an t-earrach, an samhradh, an fómhar agus an geimhreadh.
Tarlaíonn athrú na séasúr mar gheall ar chlaonadh an domhain ar a ais i dtreo na gréine nó iompaithe ón ngrian. Is í an ghrian an t-aon réalta amháin inár ngrianchóras.
Tugann an ghrian teas agus solas don domhan.
Nuair a chlaonann an domhain ón ngrian bíonn níos lú teasa agus solais ag an leathsféar sin den domhan. Ag an am céanna bíonn a mhalairt ag tarlú sa leathsféar eile atá claonta i dtreo na gréine.
Bíonn tionchar ag claonadh an domhain ar fad an lae agus ar an teocht.
Is seo a thugann saintréithe dona séasúir.
Roinntear an domhan i dhá leathsféar: an leathsféar thuaidh, an leathsféar theas.
Tá Éire sa leathsféar thuaidh.
Nuair a bhíonn an leathsféar thuaidh ag claonadh i dtreo na gréine bíonn an t-earrach agus an samhradh againn in Éirinn.
Nuair a chlaonann an domhan ón ngrian bíonn an fómhar agus an geimhreadh againn.
Fad is a bhíonn an leathsféar thuaidh claonta i dtreo na gréine bíonn an leathsféar theas iompaithe ón ngrian.
Is mar gheall ar seo go mbíonn malairt séasúr acu san Astráil, sa leathsféar theas, is a bhíonn againn in Éirinn. Nuair a bhíonn an geimhreadh acu san Astráil bíonn an samhradh againn in Éirinn. Agus nuair a bhíonn an samhradh acu san Astráil bíonn an geimhreadh ann in Éirinn. Sin an fáth gur féidir leis na hAstrálaigh dinnéar na Nollag a bheith acu ar an trá!
An t-Earrach
Is ceann de na ceithre shéasúr é an t-earrach.
Samhlaímid tús nua agus fás nua leis an earrach, tar éis míonna fuara, fada, dorcha an gheimhridh.
Tagann an t-earrach go codanna éagsúla an domhain ag amanna éagsúla.
In Éirinn, leanann míonna an earraigh féilire ársa de chuid na gCeilteach agus is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an earraigh.
Tá go leor comhartha sa nádúr a thugann le fios dúinn go bhfuil an t-earrach ann.
San earrach, tosaíonn an leathsféar thuaidh ag claonadh i dtreo na gréine. Ciallaíonn sé seo go mbíonn laethanta níos faide againn in Éirinn.
Tagann síneadh ar sholas an lae go mall, réidh.
Ag an bpointe seo den bhliain bíonn idir 10 n-uair suas go 14 uair an chloig de sholas le linn an lae ó Feabhra go Aibreán.
Ardaíonn an teocht diaidh ar ndiaidh agus éiríonn sé níos teo.
Tosaíonn an nádúr ag múscailt mar a airíonn sé teas na gréine.
I rith an gheimhridh moillíonn fás crann.
Nuair a thagann an t-earrach tosaíonn crainn ag éirí gníomhach arís, ag ídiú uisce agus cothaithigh ón gcré chun an crann a bheathú.
Tagann bachlóga agus buinneoga ar an gcrann agus iad réidh le péacadh.
Feictear duilleoga ar an bhfuinseog,ar an dair agus ar an gcaorthann go luath i mí Mhárta.
Tugann an coll, an fhearnóg an bheith gheal, an bheith chlúmhach an tsaileach agus an dair caitíní a bhláthaíonn idir Feabhra agus Bealtaine.
Plúiríní Sneachta
Fógraíonn plúiríní sneachta teacht an earraigh i dtús báire.
Is bláthanna beaga, bána, fíneálta iad le cloigne cromtha a fhásann i dtoim.
Feictear iad ag fás i gcoillearnacha chomh luath le mí na Nollag toisc go bhfuil aimsir níos séimhe againn sa gheimhreadh. An t-athrú aeráide is cúis leis seo.
Faoi Feabhra is féidir flúirse phlúiríní sneachta a fheiceáil i bpáirceanna agus gairdíní.
Lus an Chromchinn
Feictear lusanna an chromchinn go luath san earrach ag fás go flúirseach, dathannach ar imill bhóithre, i bhfálta sceach, i gcoillearnacha agus gairdíní.
Fásann lus an chromchinn sula bhfásann duilleoga ar na crainn i dtreo is go mbainfidh siad leas iomlán as solas na gréine.
Coinnle Corra
Fásann coinnle corra níos déanaí san earrach, ó Mhárta go Bealtaine.
Fásann siad i dtoim i gcoillearnacha, ag cruthú brat bláthanna feadh an talaimh.
Bíonn éin gníomhach san earrach.
Cloistear iad ag ceiliúradh go luath maidineacha earraigh.
Meallann an ceiliúr céile nó tugann sé rabhadh do chéile comhraic fanacht ar shiúl.
Chomh luath is a fhaigheann éan a céile, aimsítear áit oiriúnach neadaithe agus tógtar nead.
San earrach feictear lonta dubha, spideoga agus smólaigh agus iad gafa le tógáil a neadacha. Úsáideann siad cipíní, duilleoga, féar agus caonach chun a neadacha babhlachruthacha a thógáil.
Má thagann tú ar éan i mbun neide a thógáil fan amach uaidh.
A luaithe is a thosaíonn an teocht ag ardú agus an aimsir ag éirí níos teo músclaíonn na beacha tar éis a gcodladh geimhridh.
Cuardaíonn na cráinbheacha áiteanna oiriúnacha chun neadacha a bhunú agus feictear iad ag bailiú neachtair agus pailin óna bláthanna agus caitíní luatha.
Déanann frogannacodladh geimhridh i rith an gheimhridh.
Go hiondúil, déanann siad a gcodladh geimhridh in áiteanna a choimeádann te agus tais iad, i bhféar fada, i nduilleoga fliucha nó i gcairn múirín, mar shampla.
Nuair a thagann an t-earrach déanann siad a mbealach go dtí locháin agus srutháin, a ngnáthóg phórúcháin.
Ó mhí Feabhra ar aghaidh, feictear glóthach froig feadh imeall lochán agus sruthán sna suíomhanna is grianmhaire. Tá glóthach froig cosúil le glóthach le spotaí dubha inti.
Tagann torbáin amach as an nglóthach froig tar éis trí nó ceithre seachtaine. Iompaíonn na torbáin a thagann slán ina bhfroganna tar éis timpeall is 14 sheachtain.
Saolaítear uain go déanach sa gheimhreadh nó go luath san earrach.
Feictear uain bhána, clúmhacha i bpáirceanna faoin tuath ag spraoi le chéile, ag léim agus ag scipeáil thart timpeall.
Amuigh faoin Spéir: Seicliosta an Earraigh
Crosfhocal ar Líne
Crosfhocal
Cuardach Focal
21 Mí Feabhra
Lá na bPancóg
Is comhartha é go bhfuil an Carghas chugainn arís nuair atá Lá na bpancóg ann.
Bíonn féasta beag ag daoine an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh, lá troscaidh do Chaitlicigh.
Fadó ó shin ní raibh cead ag daoine bia áirithe a ithe, mar shampla uibheacha.
Dá bhrí sin dhéantaí pancóga ar Mháirt na hInide (Lá na bPancóg) chun na huibheacha a úsáid.
Maireann an nós go dtí an lá atá inniu ann.
Fearas Cócaireachta
Babhla
Greadtóir
Scálaí
Friochtáin
Pláta
Comhábhar
100g plúr
2 ubh
300ml bainne
Siúcra, sú líomóide, mil, subh, seacláid, caora nó uachtar reoite le cur ar bharr na pancóige
Modh (Bíodh duine fásta leat chun cabhrú)
1. Cuir 100g plúr sa bhabhla le cúpla gráinne salainn agus measc iad.
2. Cuir na huibheacha agus an bainne isteach sa bhabhla leis an bplúr agus measc le chéile iad.
3. Déan cinnte nach bhfuil cnapáin sa mheascán. Ba chóir dó a bheith mín.
4. Cuir an friochtán ar an sorn le roinnt ola.
5. Nuair atá an ola the go leor, doirt roinnt den mheascán ar an bhfriochtán.
6. Nuair atá taobh amháin cócaráilte, caith an phancóg suas san aer chun í a iompú.
7. Faigh pláta agus cuir an phancóg air.
8. Is féidir leat siúcra, sú líomóide, mil, subh, seacláid nó uachtar reoite ar do phancóg.
22 Mí Feabhra
Céadaoin na Luaithrigh
Is í Céadaoin an Luaithrigh an chéad lá den Charghas.
1. Is lá troscaidh é do Chaitlicigh.
An bhrí atá le troscadh ná nach n-itear an méid céanna bia (béile iomlán amháin agus dhá cholláid) agus nach n-itear feoil ag aon bhéile le linn an lae.
Níl ach dhá lá troscaidh ann do Chaitlicigh: Céadaoin an Luaithrigh agus Aoine Céasta.
2. Is lá é go bhfaigheann daoine luaithrigh ar a n-éadain chun a mheabhrú dóibh faoin mbás. Déantar comhartha na croise leis na luaithrigh.
3. Is lá é le machnamh a dhéanamh faoin gCarghas agus cad gur féidir linn a dhéanamh mar íobairt.
An Carghas
Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin na Luaithrigh.
Is ceiliúradh mór bliantúil é, an Carghas, san fhéilire Críostaí ar fud an domhain.
Is féile í a chuireann i gcuimhne dúinn gur chaith Íosa 40 lá is 40 oíche leis féin san fhásach.
Chaith sé a chuid ama ag guí agus ag déanamh troscaidh.
Le linn an ama seo, chuir Sátan cathú air Dia a thréigeadh agus eisean a leanúint.
Dhiúltaigh Íosa don chathú, léirigh sé go raibh féinsmacht aige agus d’fhan sé dílis dá athair.
Maireann an Carghas ar feadh 40 lá roimh an gCáisc.
Is tréimhse í le paidreacha a rá, le machnamh a dhéanamh ar na drochghníomhartha atá déanta againn agus le maithiúnas a iarradh ar Dhia.
Freisin, is tréimhse í le híobairtí a dhéanamh agus ár bhféinsmacht a chleachtadh agus sinn ag iarraidh Íosa Críost a leanúint go dílis.
Tagann an Carghas chun críche le linn Seachtain na Páise, ar an Déardaoin Beannaithe, an lá sula bhfuair Íosa bás, Aoine Chéasta.
Ní thiteann an Cháisc ar an dáta céanna gach aon bhliain.
Cad is féidir liom a dhéanamh don Charghas?
Is annamh a gheofá duine gan locht, a dhéanann an rud ceart i gcónaí.
Déanaimid ar fad rudaí míchearta ó am go ham.
Le linn an Charghais bíonn deis againn machnamh ar na bealaí gur féidir linn a bheith níos fearr sa bhaile, ar scoil agus lenár gcairde.
Is tréimhse í freisin, gur féidir linn íobairtí a dhéanamh agus ár bhféinsmacht a chleachtadh.
Is tréimhse í, chomh maith, le paidreacha a rá, maithiúnas a iarradh ar Dhia mar gheall ar na drochghníomhartha atá déanta againn.
Iarraimid cabhair ar Dhia agus sinn ag súil go mbeimid níos fearr amach anseo.
Moltaí maidir le híobairtí don Charghas.
Labhair faoi seo ar scoil le do mhúinteoir agus le do rang.
Dean plé faoi na dea-ghníomhartha gur féidir leat a dhéanamh don Charghas.
Freisin, déan plé faoi na rudaí gur féidir leat éirí astu.
Ná bí buartha mura n-éiríonn leat i gcónaí sna rudaí a gheall tú a dhéanamh.
Tosaigh arís an chéad lá eile.
Níl sé éasca íobairt a dhéanamh.
Bíonn fonn orainn géilleadh don chathú faoi mar a tharla d’ Íosa.
Moltaí don Charghas
Crosfhocal
Cuardach Focal
Crosfhocal ar líne An Carghas
14 Mí Feabhra
Lá fhéile Vailintín
Ba shagart é Naomh Vailintín a mhair sa Róimh sa tríú haois, i ré an Impire Claudius. Theastaigh ó Chlaudius arm láidir a fhorbairt. Chun an méadú seo ar líon na saighdiúirí san arm a bhaint amach, ní ligfeadh sé do na saighdiúirí pósadh. Bhí sé buartha go roghnóidís fanacht lena dteaghlaigh in ionad troid ar son an Impire. Cheap Vailintín gur dlí cruálach é seo agus lean sé air ag pósadh cúplaí faoi rún. Fuair Claudius amach faoi seo agus cuireadh Vailintín i bpríosún. Agus é i ngéibheann, scríobh Vailintín litreacha chuig a chairde ag iarraidh orthu guí ar a shon. Deirtear, i roinnt de na scéalta faoi, gur shínigh sé a litreacha leis na focail, ‘ó do Vailintín’. Is as seo a tháinig an traidisiún chugainn agus go dtí an lá atá inniu ann, ar Lá Fhéile Vailintín, guímid beannachtaí na Féile Vailintín ar dhaoine go bhfuil grá againn dóibh, i gcártaí agus i litreacha.
Daoradh chun báis é timpeall is 270AD toisc a chreideamh i nDia.
Rinneadh naomh de Vailintín toisc go bhfuair sé bás é ar son Dé.
Sna scéalta ar fad faoi Vailintín is léir gur duine lách, cineálta a bhí ann agus é an-chróga leis. Is mar gheall ar seo go raibh an-chion ag daoine ar Naomh Vailintín, go háirithe sa Fhrainc agus i Sasana i rith na Meánaoiseanna.
De réir a chéile, thosaigh daoine ag comóradh cuimhne an Naoimh i lár mhí Feabhra. Is sa mhí seo a deirtear go bhfuair sé bás.
Inniu Domhnach 13
Réamhaisnéis na haimsire
Lon Dubh
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn.Réim Bhia
Is breá leis an lon dubh péisteanna. Itheann sé caora, úlla, síolta agus piseanna talún chomh maith.Nead/Gnáthóg
Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i sceach. Tá cruth cupáin ar an nead. Déantar an nead as féar, tuí agus cipíní. Bíonn líneáil taobh istigh den nead déanta as láib agus píosaí beaga féir.Spideog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan ramhar í an spideog le brollach dearg oráisteach. Tá dath liathdhonn ar a codanna uachtaracha agus liathbhán ar a bolg agus ar a brollach íochtarach. Tá an spideog fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil dath níos gile ar an éan fireann.Réim Bhia
Itheann an spideog feithidí, péisteanna agus ciaróga, go príomha. Lorgaíonn sí bia piseanna talún agus síolta ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an spideog go rialta i ngairdíní, i gcoillearnacha agus i bhfálta sceach. Bíonn a nead ceilte go maith i mbruacha, in eidhneán, i bpoill i gcrainn agus i mballaí ach déanfaidh sí a nead in áiteanna neamhghnácha ar nós bothán gairdín. Bíonn an spideog fhireann an-chosantach faoina fhearann. Bíonn sé réidh chun troda go bás chun a gheadán talún a chosaint, más gá.Smólach Ceoil
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an smólach ceoil coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach ceoil ar aon mhéid leis an lon dubh. Tá a chodanna uachtaracha donn. Tá dath béas ar a chodanna íochtaracha agus tá spotaí dubha i gcruth saighde i línte soiléire ar a bhrollach agus ar a thaobhanna. Breathnaíonn an smólach ceoil fireann agus baineann an-chosúil lena chéile. Feictear an smólach ceoil i mbun ceiliúradh ar fhara, ard, feiceálach. Tá ceiliúr an éin seo simplí. Canann sé míreanna arda, soiléire cosúil le fliúit, arís agus arís eile. Ní bhailíonn na smólaigh cheoil in ealtaí riamh. Ina n-aonar nó i bpéirí a fheictear iad go hiondúil.Réim Bhia
Itheann an smólach ceoil feithidí agus péisteanna talún. Is fearr leis seilidí ach go háirithe agus briseann sé na sliogáin ina smidiríní ar chlocha agus ar charraigeacha chun na seilidí a ithe. Is minic a fheictear é ag pocléim feadh an talaimh agus é sa tóir ar phéisteanna.Nead/Gnáthóg
Déanann an smólach ceoil a nead in áit faoi scáth i dtor nó i gcrann. Is iondúil a thógann an smólach ceoil baineann an nead. Tá an nead cuach-chruthach, déanta as féar, cipíní agus créafóg. Tá an líneáil déanta as láib agus tá sé mín ar an taobh istigh.Beach Mheala
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an bheach mheala le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bheach mheala. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Níl ach beach mheala amháin atá nádúrtha in Éirinn. Is feithid bheag í an bheach mheala i gcomparáid leis an mbumbóg. Tá ribí fíneálta gruaige ar a corp stríocach. Tá stríoca donna dorcha, beagnach dubh agus oráiste ar a corp. Tá cúig shúil aici. Is feithidí sóisialta iad na beacha meala. Comhoibríonn siad le chéile agus maireann siad i ngrúpaí, i neadacha nó i gcoirceoga atá suite i gcrainn, i ndíonta foirgneamh agus i mballaí. Istigh sa choirceog bíonn trí chineál beiche agus obair ar leith le déanamh acu. i) An chráinbheach ii) na hoibrithe ( na beacha baineanna) iii) na ladrainn Tá an chráinbheach dhá oiread níos faide ná na hoibrithe. Beireann sí na huibheacha a chruthaíonn an chéad ghlúin beach eile. Beireann sí suas le 2,500 ubh in aghaidh an lae. Tá na hoibrithe níos lú agus is iad seo na beacha a fheicimid go hiondúil. Tá an-chuid oibre le déanamh acu. Tógann siad na caidhnte sa choirceog as an gcéir a dhéanann siad. Déanann siad an bia i bhfoirm mheala ó neachtar bhláthanna a bhailíonn agus a stórálann siad sna caidhnte. Is bia do na larbhaí (cruimheanna óga) an mhil seo. Greadann siad a sciatháin chun an choirceog a choimeád glan agus aeraithe. Roinneann na hoibrithe eolas faoi fhoinse bhia sa chomharsanacht le chéile trí damhsa a dhéanamh. Cealgann na cráinbheacha agus na hoibrithe. Tá na ladrainn níos mó ná na hoibrithe agus bíonn siadsan i láthair i dtús an tsamhraidh ach caitear amach as an gcoirceog iad ag deireadh an tsamhraidh. Níl aon chealg ag na beacha seo. I rith an gheimhridh beathaíonn na beacha atá fágtha ar an mil stóráilte agus pailin go dtí an tEarrach. Bailíonn siad le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te.Gnáthóg
Is féidir leis na beacha meala maireachtáil i dtimpeallacht nádúrtha nó bainistithe trí bheachaireacht. Eitlíonn siad i ngairdíní, i gcoillearnacha, in úlloird agus in áiteanna eile ina bhfuil flúirse bhláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoirí maithe iad beacha meala, ag pailniú plandaí fiáine agus barra. Bíonn suas le 50,000 beach i ngnáthchoilíneacht agus is acmhainn thábhachtach iad mar phailneoirí bharra.Fearnóg
(Alnus glutinosa)
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an fhearnóg. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Tá an fhearnóg ar fáil go forleathan ar fud na hÉireann. Fásann na crainn seo in áiteanna taise taobh le lochanna agus ar bhruacha aibhneacha. Is féidir leo fás i gceantair cois cósta.Fíricí
Tá cruth cónúil ar an bhfearnóg agus fásann sí chomh hard le 28m. Maireann an fhearnóg ar feadh suas le 60 bliain. Fásann sí ar bhruacha aibhneacha agus lochanna. Cabhraíonn an fréamhchóras le hithir timpeall imeall an uisce a dhaingniú ag cur cosc le creimeadh ithir na mbruach. Tá adhmad na fearnóige uiscefhriotaíoch. Úsáidtear an t-adhmad seo go minic chun struchtúir a thógáil faoi uisce ar nós loc-chomhlaí i gcanálacha agus chun báid a thógáil. Tógadh an-chuid de dhúshraitheanna fhoirgnimh na Veinéise as adhmad na fearnóige.Duilleoga
Tá duilleog na fearnóige ubhchruthach. Tá sí idir 6-12 cm ar fad. Tá imill agus féitheacha sainiúla fiaclacha ar na duilleoga. Bíonn dath glas ar na duilleoga sula dtiteann siad san fhómhar.Bláthanna agus Síolta
Feictear bláthanna ar an bhfearnóg sula dtagann na duilleoga uirthi, idir Feabhra agus Aibreán, go hiondúil. Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an bhfearnóg. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tá an caitín baineann beag agus corcra agus éiríonn sé adhmadach agus cónúil. Aibíonn na buaircíní ina bhfuil na síolta, i mí Dheireadh Fómhair. Nuair a osclaíonn na buaircíní, scaiptear na síolta iontu ar an ngaoth nó san uisce.Leas don Fhiabheatha
Is foinse luath neachtair agus pailine iad na caitíní do na beacha. Itheann éin (an siscín agus an lasair choille, mar shampla) na síolta. Déanann fréamhacha na fearnóige nead bhreá don dobharchú. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Fuinseog
Ainm Laidine: Fraxinus excelsior
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is crann an-choitianta í an fhuinseog. Feictear í ag fás i bhfálta sceach agus i gcoillte.Fíricí
Fásann an fhuinseog chomh hard le 35m. Maireann sí ar feadh na gcéadta bliain. Bíonn dath éadrom ar adhmad na fuinseoige agus bíonn sé breá láidir. In Éirinn, úsáideadh adhmad na fuinseoige chun camáin a dhéanamh. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh agus mar bhrosna. Faraor géar, tá an fhuinseog i mbaol ó ghalar ar a dtugtar ‘ash dieback’. Fungas is cúis leis an ngalar seo.Duilleoga
Tá roinnt duillíní ubhchruthacha, bioracha in aon duilleog amháin agus iad suite ar aghaidh a chéile ar ghas le duillín amháin ar an mbarr. D’fhéadfadh idir 9 agus 13 dhuillín san iomlán a bheith ar an duilleog. I gcomparáid le crainn eile tagann duilleoga ar an bhfuinseog go déanach sa séasúr agus is í is luaithe a chailleann na duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Fásann siad i dtriopaill ag deireadh na gcraobhóg. Tá cruth mar a bheadh sciathán ann ar na torthaí agus bíonn siad timpeall 3cm ar fad. Aibíonn na torthaí i mí Mheán Fómhair agus iad ar crochadh ar nós cloigíní eochracha. Bíonn na síolta iontu agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh na mbláthanna ar an bhfuinseog feithidí eitilte oíche agus is foinse thábhachtach bhia d’ialtóga na feithidí seo. Beathaíonn an corcrán coille, ach go háirithe, ar shíolta na fuinseoige. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Beith Chlúmhach
Ainm Laidine: Betula pubescens
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an bheith chlúmhach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an bheith chlúmhach in áiteanna taise taobh le lochanna agus ar imill portach.Fíricí
Tá dhá chineál crann beithe in Éirinn. Is í an bheith chlúmhach an bheith is coitianta. Tá dath sórt donn, bánbhuí ar an gcoirt ach níl sí cosúil le páipéar mar a fheictear ar choirt na beithe gile. Fásann na craobhacha suas díreach agus is féidir leis an gcrann a fhás go 30m ar airde. Úsáidtear adhmad na beithe chun sraithadhmad, troscán, seilfeanna agus urláir adhmaid a dhéanamh.Duilleoga
Tá duilleoga na beithe clúmhaí beag. Tá siad triantánach agus níos cruinne ná duilleoga na beithe gile. Tá gas na nduilleog clúmhach agus sin an chúis ar tugadh an bheith chlúmhach ar an gcrann seo. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an mbeith chlúmhach. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna ar crochadh i ngrúpaí agus bíonn siad fada agus dath donnbhuí orthu. Tagann siad ar an gcrann san fhómhar agus fanann siad air ar feadh an gheimhridh ar fad. Tagann na caitíní baineanna ar an gcrann san earrach agus bíonn siadsan gearr agus gléghlas. Tagann dath dúdhearg orthu sa deireadh agus titeann siad as a chéile. Scaoiltear na síolta beaga bídeacha eiteacha ansin agus scaiptear ar an ngaoth iad.Leas don Fhiabheatha
Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. I rith an gheimhridh itheann éin a itheann síolta (an siscín, mar shampla ) síolta na beithe. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Beith Gheal
Ainm Laidine: Betula pendula
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an bheith gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an bheith gheal in ithir atá níos tirime agus níos gainmhí. Is féidir teacht ar an gcrann seo i gcoillearnacha ach is fearr léi suíomhanna grianmhara.Fíricí
Tá dhá chineál crann beithe in Éirinn. Níl an bheith gheal chomh coitianta céanna. Is crann fíneálta é le craobhacha tanaí, caola agus cuma orthu go bhfuil siad ag sileadh anuas. Tá an choirt bán, ar nós páipéir agus imíonn sí ina screamhóga. Maireann an bheith gheal ar feadh 40-60 bliain agus fásann sí chomh hard le 30m. Úsáidtear adhmad na beithe chun sraithadhmad, troscán, seilfeanna agus urláir adhmaid a dhéanamh.Duilleoga
Tá duilleoga na beithe gile beag. Tá siad triantánach agus biorach. Tá imill na nduilleog spiacánach. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste ag déanamh taispeántas álainn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an mbeith gheal. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna ar crochadh i ngrúpaí agus bíonn siad fada agus dath donnbhuí orthu. Tagann siad ar an gcrann san fhómhar agus fanann siad air ar feadh an gheimhridh ar fad. Tagann na caitíní baineanna ar an gcrann san earrach agus bíonn siadsan gearr agus gléghlas. Tagann dath donn orthu sa deireadh agus titeann siad as a chéile. Scaoiltear na síolta beaga bídeacha eiteacha ansin agus scaiptear ar an ngaoth iad.Leas don Fhiabheatha
Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. I rith an gheimhridh itheann éin a itheann síolta (an siscín, mar shampla) síolta na beithe. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Coll
Ainm Laidine: Corylus avellana
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an coll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Tá teacht ar an gcoll go forleathan i gcoillearnacha agus feadh fálta sceach. Is planda crua é le cuma toir air seachas crann.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn é an coll. Fásann sé idir 5-12m ar airde. Is féidir leis maireachtáil suas le 80 bliain ach má ghearrtar siar go dian é leanann sé ag athfhás ar feadh na gcéadta bliain. Fásann craobhacha caola ar an gcoll. Tá adhmad an choill láidir agus solúbtha. Úsáidtear na craobhacha go minic chun sconsaí a thógáil. Ba nós traidisiúnta é an t-adhmad a úsáid chun ciseáin, sconsaí agus slata iascaigh a dhéanamh. Clúdaíonn coillearnacha coill cuid mhór den Bhoirinn, ceantar aolchloiche, i gContae an Chláir.Duilleoga
Tá duilleoga an choill rocach, ubhchruthach agus gruagach. Tá barra bioracha agus imill spiacánacha orthu. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an gcoll. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tá dath buí ar na caitíní fireanna agus breathnaíonn siad cosúil le heireabaill uain. Feictear iad i lár mhí Feabhra roimh na duilleoga. Tá na bláthanna baineanna beag, cosúil le bachlóga dearga a iompaíonn ina gcnónna san fhómhar le titim na nduilleog.Leas don Fhiabheatha
Is tacaíocht thábhachtach é an coll don fhiadhúlra. Is foinse luath phailine do bheacha iad na bláthanna ar an gcoll. Itheann an meantán, an colúr coille agus an scréachóg na cnónna. Beathaíonn an t-iora rua, an vól bruaigh agus an fia rua ar na cnónna freisin. Tugann an coll clúdach agus foscadh d’éin agus d’fheithidí. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghaelach
Ainm Laidine: Quercus petraea
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair Ghaelach i gcoillearnacha, i bpáirceanna agus ar thalamh bocht.Fíricí
Is í an dair Ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Is féidir leis an dair maireachtáil go ceann timpeall is 500 bliain agus fásann sí idir 20 agus 40 m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad í an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh.Duilleoga
Tá an duilleog glasbhuí, dronuilleogach agus corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. Tá gas fada aici. Tá an duilleog timpeall 14cm ar fad agus 4-8cm ar leithead. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Is caitíní glasa iad na bláthanna fireanna. Tá na bláthanna baineanna cosúil le bachlóga dearga. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí carracha adhmaid ar a nglaoitear dearcáin. Fásann dearcáin na darach Gaelaí ina dtriopaill. Níl gas ar bith orthu agus bíonn na cupaí nasctha leis na craobhóga.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair Ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tugann siad áit gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éan agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghallda
Ainm Laidine: Quercus robur
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghallda. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair ghallda i gcoillearnacha ina bhfuil ithir throm. Fásann sí ar thalamh tais, bog in aice aibhneacha.Fíricí
Níl an dair ghallda chomh coitianta leis an dair Ghaelach. Is féidir leis an dair maireachtáil níos mó ná 500 bliain agus is féidir léi fás idir 20 agus 40m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh aisti.Duilleoga
Tagann duilleoga ar an dair ghallda níos luaithe sa bhliain ná mar a thagann ar an dair Ghaelach. Tá gas an-bheag ar na duilleoga agus fásann siad ina dtriopaill. Tá an duilleog dronuilleogach agus corrach le ceithre nó cúig mhaothán ar gach taobh. Tá an duilleog 10cm ar fad. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann bláthanna fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tagann na duilleoga glasbhuí agus na caitíní fireanna ar an gcrann ag an am céanna go luath i mí na Bealtaine. Fásann na bláthanna baineanna go gairid ina dhiaidh sin agus bíonn siadsan an-bheag agus neamhshuntasach. Aibíonn na dearcáin go déanach i mí Dheireadh Fómhair agus fásann siad i bpéirí go hiondúil. Bíonn cupaí na ndearcán nasctha le gas fada.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tá áit ann gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éin agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Caorthann
Ainm Laidine: Sorbus aucuparia
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Is crann crua é agus tá teacht air i dtalamh cnocach, carraigeach.Fíricí
Is crann deas, gleoite é an caorthann. Fásann sé timpeall is 15m ar airde. Maireann sé go ceann 200 bliain de ghnáth.Duilleoga
Bíonn 6-8 nduillíní ubhchruthacha, bioracha ar aghaidh a chéile ar an ngas le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Tá imill spiacánacha ar na duillíní fada. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar agus titeann siad den chrann go déanach i mí na Samhna.Bláthanna agus Síolta
Tagann triopaill de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Tar éis pailnithe, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann san fhómhar. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann na héin na caora.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. Itheann go leor éan (an lon dubh, smólach mór agus smólach ceoil, mar shampla) na caora. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Saileach
Ainm Laidine: Salix spp.
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an tsaileach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann saileacha go maith i gcré thais agus dá bhrí sin is minic a fheictear iad i gceantair ina mbíonn baol láidir tuile nó in áiteanna gur gá an talamh a thaoscadh.Fíricí
Tá roinnt saileach ann atá nádúrtha in Éirinn. Na saileacha is coitianta díobh seo ná an tsailchearnach, an tsaileach liath agus an crann sníofa. Tá sé an-éasca an tsailchearnach a aithint ag deireadh an gheimhridh mar gheall ar na caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) a fhásann uirthi. Breathnaíonn na caitíní clúmhacha cosúil le lapaí cait. Tá dath an airgid orthu agus seasann siad suas díreach. Fásann an tsailchearnach idir 6-15 m ar airde. Fásann na craobhacha go híseal ar an gcrann. Bíonn coróin chruinn uirthi. Úsáidtear adhmad na sailí chun cosa uirlisí agus slacáin chruicéid a dhéanamh. Úsáidtear slata sailí chun ciseáin a fhí.Duilleoga
Tá na duilleoga ubhchruthach agus biorach. Tá siad dúghlas le híochtar clúmhach. Tá siad suas le 12cm ar fad agus níos leithne ná na duilleoga ar fhormhór saileacha eile. Iompaíonn na duilleoga glasbhuí geal san fhómhar.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an saileach. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar chrainn éagsúla. Ní bhíonn na caitíní ar crochadh óna craobhóga ach seasann siad suas díreach. San earrach iompaíonn na caitíní fireanna ó dhath an airgid go bánbhuí nuair a bhíonn siad aibí. Tá na caitíní baineanna idir glas agus dath an airgid ar dtús ach éiríonn siad clúmhach de réir mar a aibíonn na síolta i mí na Bealtaine agus Meitheamh. Scaiptear na síolta clúmhacha ar an ngaoth agus is féidir leo taisteal achair fhada. Teastaíonn cré thais óna síolta chun fás.Leas don Fhiabheatha
Maireann go leor cineálacha d’fheithid ar shaileacha agus is foinse luath thábhachtach pailine agus neachtair iad do bheacha. Is foinse shaibhir bhia iad na feithidí do na héin a itheann feithidí. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Frog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an frog le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is amfaibiach é an frog. Caitheann sé an chéad chuid dá shaol (ina larbha) in uisce ag análú trí gheolbhaigh agus an chuid eile dá shaol ar thalamh ag análú trí scamhóga (ina fhrog fásta). Níl ach an t-aon speiceas de fhrog in Éirinn. Tá an frog timpeall is 9 cm ar fad. Is snámhaí gasta é toisc go bhfuil a chosa deiridh cumhachtach agus go bhfuil cosa scamallacha aige. Tá éagsúlacht dathanna ar an bhfrog ó ghlas go donn agus buí. Is féidir leis an bhfrog dath a chraicinn a éadromú nó a dhorchú ag brath ar an taise agus ar an teocht. Tarlaíonn an t-athrú datha seo thar thréimhse dhá uair a chloig. Tá súile móra aige a bhíonn airdeallach faoi ghluaiseachtaí thart timpeall air. Níl cluasa aige ar an taobh amuigh dá cheann ach tá poill chluaise aige taobh thiar dá shúile. Análaíonn sé trína pholláirí agus é ar thalamh ach trína chraiceann agus é san uisce. Cé go bhfuil béal leathan aige ólann sé trína chraiceann. Beathaíonn sé ar dhrúchtíní, damháin alla, péisteanna agus feithidí eile. Beireann sé orthu lena theanga fhada ghreamaitheach. Itheann sé a chreach ina iomláine agus úsáideann sé a shúile chun an bia a bhrú síos a scornach. Déanann sé a chodladh geimhridh i láib lochán nó faoi chairn duilleog atá ag lobhadh, faoi lomáin nó faoi chlocha. Go luath san Earrach bailíonn froganna le chéile le cúpláil. Beireann an frog baineann a huibheacha i meallta i locháin. Glaoitear glóthach fhroig ar na huibheacha seo. Déantar torbáin (larbhaí froig) díobh agus tógann sé suas le 14 sheachtain go mbíonn frog óg fásta.Gnáthóg
Maireann an frog ar thalamh i bhfásra tais, tomóga féir, coillearnacha agus fálta sceach.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras é an frog mar itheann sé éagsúlacht fheithidí; drúchtíní agus seilidí a dhéanann damáiste do bharra agus plandaí gairdín. Is foinse mhaith bhia é do mhamaigh bheaga ar nós dobharchúnna, agus d’éin ar nós corra réisc.Coinnle Corra
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear coinnle corra go príomha i gceantair choillearnaí ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Tá dlúthcheangal idir coinnle corra agus ceantair choillearnaí. Is sna suíomhanna seo faoi chrainn agus ar bhruacha féarmhara go hiondúil, a fheictear coinnle corra ina mílte.Cur Síos
Bíonn duilleoga na gcoinnle corra caol, lonrach agus fada le barra bioracha orthu. Bíonn dath corcairghorm dorcha ar na bláthanna cloigínchruthacha seo. Bíonn sé pheiteal ag gach bláth agus iad casta suas ag an mbarr. Cromann na bláthanna ar thaobh amháin den ghas lárnach. Bíonn suas le fiche bláth ar ghas amháin. Bíonn dath bán ar roinnt coinnle corra. Bíonn boladh cumhra ar na bláthanna seo.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn coinnle corra faoi bhláth ó Aibreán go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Baineann an-chuid feithidí leas as na coinnle corra, féileacáin, beacha agus beacha ghabhair san áireamh, toisc go mbláthaíonn siad níos luaithe ná plandaí eile. Priocann beacha poll i mbun an bhlátha chun an neachtar a fháil as.Plúirín Sneachta
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear plúiríní sneachta ar fud na tíre.Gnáthóg
Fásann plúiríní sneachta in aice le srutháin, cois bóithre agus i gceantair thaise.Cur Síos
Fásann an plúirín sneachta ag tús an Earraigh Tá sé 7-15 ceintiméadar ar airde. Tá 2/3 dhuilleog glasliath ag an bplúirín sneachta atá caol agus mín. Is bláth aonarach é le bláth amháin ag fás ar gach gas. Tá cloigeann cromtha aige atá bán, cloigínchruthach. Tá trí pheiteal taobh amuigh agus trí pheiteal taobh istigh aige le paistí glasa i gcruth “V” ar na barra. Dúnann peitil an phlúirín sneachta san oíche agus osclaíonn siad arís ag bánú an lae.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn plúiríní sneachta in Eanáir agus Feabhra ach uaireanta feictear iad chomh luath le Mí na Nollag.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra milis an bhlátha seo feithidí beaga. Ní bhraitheann sé ar phailniú le síolrú.Gealbhan Binne
Grianghraf:
Cur Síos
Tá an gealbhan binne an-choitianta. Tá sé ar cheann de na héin is aithnidiúla in Éirinn. Tá ceann mór aige le leicne bána agus gob tiubh. Tá clúmh a dhroma donn le stríoca dubha. Tá a bhrollach donn éadrom. Feictear go minic in ealtaí móra iad. Itheann an gealbhan binne gránach agus roinnt feithidí. Tagann sé go dtí an bord éan ar thóir síolta agus cnónna. Déanann sé nead chiorclach le tuí, cipíní , páipéar, duilleoga, féar nó le hábhar ar bith atá le fáil lasmuigh. Tógann sé a nead i bpoill i bhfoirgnimh nó i ngáitéir tithe.Meantán Gorm
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann le ciumhsóg bhán timpeall ar sin. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Tá a ghob agus a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán gorm fireann agus baineann an-chosúil le chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán gorm a nead i bhfál sceach agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Saileach
Salix spp.
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an tsaileach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann saileacha i gcré thais in aice aibhneacha. Tá roinnt saileacha ann atá nádúrtha in Éirinn ach ceann coitianta is ea an tsailchearnach. Tá na duilleoga ubhchruthach agus biorach le híochtar clúmhach. Iompaíonn na duilleoga glasbhuí geal san Fhómhar. Fásann caitíní ar an saileach. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Ta na caitíní cosúil le lapaí cait. Tá dath an airgid orthu agus seasann siad suas díreach. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Eiríonn na caitíní clúmhach de réir mar a aibíonn na síolta i mí na Bealtaine agus Meitheamh. Scaiptear na síolta clúmhacha ar an ngaoth. Maireann go leor cineálacha d’fheithid ar shaileacha. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Péine Albanach
Pinus syvestris
Cur Síos
Is crann síorghlas é an Péine Albanach. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann shíorghlas le linn na bliana ar fad agus bíonn sé éasca é a aithint i rith an gheimhridh dá bharr. Bíonn duilleoga i gcruth snáthaide ar roinnt crainn síorghlasa ar a dtugtar spíonlach péine. Fásann buaircíní ar roinnt crainn síorghlasa. Glaoitear crann buaircíneach ar an gcineál crainn seo. Go hiondúil, feictear na crainn seo i dtíortha fuara, sneachtúla. Ligeann cruth an chrainn don sneachta titim trí na craobhacha i dtreo is nach mbristear iad faoi ualach an tsneachta. Fásann an péine Albanach i bhforaoisí agus i bpáirceanna. Is spíonlach péine iad na duilleoga le dath gormghlas orthu. Iompaíonn na seanduilleoga buí tar éis 2-3 bliana agus titeann siad den chrann ach ní bhíonn an crann lom riamh. Fásann bláthanna i mí Bealtaine. Is crann buaircíneach é an péine Albanach. Aibíonn buaircíní donna tar éis roinnt blianta. Tá na síolta eiteacha istigh sa bhuaircín a osclaíonn nuair a bhíonn sé aibí. Scaiptear na síolta ar an ngaoth. Itheann éin agus an t-iora rua dúchasach na síolta. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Frog
Grianghraf:
Cur Síos
Is amfaibiach é an frog. Caitheann sé an chéad chuid dá shaol in uisce ag análú trí gheolbhaigh agus é ina thorbán. Caitheann sé an chuid eile dá shaol ar thalamh mar fhrog ag análú trína pholláirí agus é ar thalamh ach trína chraiceann agus é san uisce. Is snámhaí gasta é toisc go bhfuil cosa scamallacha, cumhachtacha aige. Bíonn dath glas go donn ar an bhfrog. Is féidir leis dath a chraicinn a éadromú nó a dhorchú ag brath ar an taise agus ar an teocht. Tá súile móra aige. Níl cluasa aige ar an taobh amuigh dá cheann ach tá poill chluaise aige taobh thiar dá shúile. Tá béal leathan aige ach ólann sé trína chraiceann. Itheann sé drúchtíní, damháin alla, péisteanna agus feithidí eile. Beireann sé orthu lena theanga fhada ghreamaitheach. Déanann sé codladh geimhridh i láib lochán nó faoi chairn duilleog nó faoi chlocha. Go luath san Earrach, beireann an frog baineann a huibheacha i locháin. Glaoitear glóthach fhroig ar na huibheacha. Déantar torbáin (larbhaí froig) díobh agus tógann sé suas le 14 sheachtain go mbíonn frog óg fásta. Is foinse mhaith bhia é an frog do mhamaigh bheaga ar nós dobharchúnna, agus d’éin ar nós corra réisc.Plúirín Sneachta
Grianghraf:
Cur Síos
Feictear plúiríní sneachta in aice le srutháin agus in áiteanna taise. Fásann an plúirín sneachta ag tús an Earraigh Tá sé 7-15 ceintiméadar ar airde. Tá 2/3 dhuilleog glasliath aige atá caol agus mín. Tá bláth amháin ag fás ar gach gas. Tá cloigeann bán, cloigínchruthach, cromtha aige. Dúnann peitil an phlúirín sneachta san oíche agus osclaíonn siad arís le héirí na gréine. Bíonn plúiríní sneachta faoi bhláth in Eanáir agus Feabhra de ghnáth. Meallann boladh cumhra milis an bhlátha seo feithidí beaga.Damhán Garraí
Grianghraf:
Cur Síos
5. Garden Spider Damhán Garraí Is araicnid é an damhán garraí. Tá ocht gcos air agus níl aon aintéine aige. Tá dath liathdhonn nó deargdhonn air le spotaí bána trasna a dhroim aige i gcruth croise. Sníomhann an damhán garraí líonta i gcruth rotha as síoda. Feictear na líonta ar phlandaí, i gcrainn agus in aon áit sa ghairdín a bhfuil foscadh ann ó ghaotha láidre. Bíonn líonta suas le 40 cm ar leithead. Fanann an damhán garraí go foighneach ar crochadh i lár an lín go dtí go mbíonn feithid gafa ann. Baineann an damhán garraí greim nimhiúil as an bhfeithid ghafa agus casann sé í i snáth síoda chun í a stóráil. Gach oíche, itheann an damhán garraí a líon le go leor feithidí beaga greamaithe ann. Atógann sé an líon roimh éirí na gréine. Itheann an damhán garraí go leor feithidí sa ghairdín. Beirtear ar bheacha, foichí, agus féileacáin ina líon, áfach.Broc
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an broc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche é an broc. Is féidir leis suas le 200 péist talún a ithe in aon oíche amháin. Is tochaltóir láidir é. Tá nasc idir an broc agus scaipeadh an ghalair, eitinn bhólachta, in eallaí. (galar tógálach baictéarach) Tá an broc an-ghar i ngaol leis an dobharchú, leis an gcat crainn agus leis an minc.Réim Bhia
Is uiliteoir é an broc (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) Itheann sé péisteanna talún go príomha agus ciaróga, drúchtíní, seilidí, francaigh, lucha agus coiníní chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an broc i bhfálta, i scrobarnach agus i gcoillearnach. Tugtar brocach ar bhaile an bhroic (gréasán tollán casta faoi thalamh).Iora Rua
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an t-iora rua coitianta go leor in Éirinn agus tá méadú ar a líon le blianta beaga anuas.Cur Síos
Ainmhí dúchasach is ea an t-iora rua. Tá sé níos lú ná an t-iora glas. Is féidir leis an iora rua maireachtáil i ngach chineál coillearnaí, fiú amháin i bhforaoisí buaircíneacha. Tá sé imithe ar fad ó choillte ar a bhfuil seilbh glactha ag an iora glas mar is é an t-iora glas an buaiteoir i gcónaí san iomaíocht idir eatarthu. Cónaíonn an t-iora rua i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Sa gheimhreadh, is féidir leis an iora rua dul gan aon bhia a ithe ar feadh roinnt laethanta ach ní dhéanann sé codladh geimhridh. Cuireann sé bia i dtaisce in áiteanna éagsúla ina thimpeallacht bhaile féin. Ní móide go gcuimhníonn sé cár chuir sé an bia seo ach tá seans ann go n-aimsíonn sé an taisce bia ón mboladh.Réim Bhia
Beathaíonn an t-iora rua ar shíolta crann, ar bhachlóga agus ar thorthaí ag brath ar shéasúr na bliana agus an soláthar áitiúil. Idir éirí agus luí na gréine, bíonn sé gníomhach ag fiach do bhia. Itheann sé go hard i gcrainn i ngach séasúr agus i ngach gnáthóg.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an t-iora rua i ngach chineál coillearnaí ó choillte leathanduilleacha go coillte buaircíneacha.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.