Mí na Samhna
Aoine 1
Satharn 2
Domhnach 3
Luan 4
Máirt 5
Céadaoin
6
Déardaoin 7
Aoine 8
Satharn 9
Domhnach 10
Luan 11
Máirt 12
Céadaoin 13
Déardaoin 14
Aoine 15
Satharn 16
Domhnach 17
Luan 18
Máirt 19
Céadaoin 20
Déardaoin 21
Aoine 22
Satharn 23
Domhnach 24
Luan 25
Máirt 26
Céadaoin 27
Déardaoin 28
Aoine 29
Satharn 30
6 Mí na Samhna
Amuigh faoin Spéir: Seicliosta an Gheimhridh
Saintréithe an Gheimhridh
Tá ceithre shéasúr sa bhliain: an t-earrach, an samhradh, an fómhar agus an geimhreadh.
Tarlaíonn athrú na séasúr mar gheall ar chlaonadh an domhain ar a ais i dtreo na gréine nó iompaithe ón ngrian. Is í an ghrian an t-aon réalta amháin inár ngrianchóras.
Tugann an ghrian teas agus solas don domhan.
Nuair a chlaonann an domhain ón ngrian bíonn níos lú teasa agus solais ag an leathsféar sin den domhan. Ag an am céanna bíonn a mhalairt ag tarlú sa leathsféar eile atá claonta i dtreo na gréine.
Bíonn tionchar ag claonadh an domhain ar fad an lae agus ar an teocht.
Is seo a thugann saintréithe dona séasúir.
Roinntear an domhan i dhá leathsféar: an leathsféar thuaidh, an leathsféar theas.
Tá Éire sa leathsféar thuaidh.
Nuair a bhíonn an leathsféar thuaidh ag claonadh i dtreo na gréine bíonn an t-earrach agus an samhradh againn in Éirinn.
Nuair a chlaonann an domhan ón ngrian bíonn an fómhar agus an geimhreadh againn.
Fad is a bhíonn an leathsféar thuaidh claonta i dtreo na gréine bíonn an leathsféar theas iompaithe ón ngrian.
Is mar gheall ar seo go mbíonn malairt séasúr acu san Astráil, sa leathsféar theas, is a bhíonn againn in Éirinn. Nuair a bhíonn an geimhreadh acu san Astráil bíonn an samhradh againn in Éirinn. Agus nuair a bhíonn an samhradh acu san Astráil bíonn an geimhreadh ann in Éirinn. Sin an fáth gur féidir leis na hAstrálaigh dinnéar na Nollag a bheith acu ar an trá!
Is ceann de na ceithre shéasúr é an geimhreadh.
Samhlaímid maidineacha fuara, seaca agus oícheanta feanntacha leis an séasúr seo.
Tagann an geimhreadh go dtí codanna éagsúla an domhain ag amanna difriúla.
In Éirinn, leanann míonna an gheimhridh féilire ársa de chuid na gCeilteach agus tá ainmneacha cuid de na míonna tagtha chugainn ón bhféilire ársa sin, Samhain ach go háirithe.
Comóradh tús na bliana nua le féile mhór Oíche Shamhna.
Chreid na Ceiltigh gur tháinig a ngaolta marbha ar ais ina measc ar Oíche Shamhna agus chuir siad fáilte rompu le féasta bia. Ghléas siad suas i bhfeisteas agus maisc agus las siad tinte chnámha móra.
Is iad Samhain, Nollaig agus Eanáir míonna an gheimhridh.
Tá go leor comhartha sa nádúr a thugann le fios dúinn go bhfuil an geimhreadh ann.
I rith an gheimhridh bíonn na laethanta níos giorra.
Laghdaíonn uaireanta sholais an lae diaidh ar ndiaidh Ie linn míonna an gheimhridh. I mí na Samhna bíonn thart ar 9 n-uair an chloig de sholas lae againn ag laghdú go 7 n-uair an chloig i mí na Nollag. Bíonn an méid is lú de sholas lae againn i mí na Nollag.
Bíonn an lá is giorra againn ar an 21ú Nollaig. Tugtar grianstad an gheimhridh ar an lá seo. Ón lá seo ar aghaidh, diaidh ar ndiaidh, bíonn síneadh sa lá.
Is minic a bhíonn sé an-fhuar sa gheimhreadh agus uaireanta bíonn sneachta againn.
Bíonn aimsir athraitheach againn sa séasúr seo, mar a bhíonn i ngach séasúr eile. Bíonn geimhrí séimhe againn chomh maith nach mbraitheann cosúil le gnáth gheimhreadh fuar, fliuch.
Is mar gheall ar na teochtaí fuara agus na laethanta dorcha go dtosaíonn na crainn ag aistriú go tréimhse shuanach. Bíonn orthu fuinneamh a chaomhnú go dtiocfaidh laethanta teo an earraigh, nuair a bheidh siad gnóthach arís eile.
Faoin Nollaig, bíonn formhór na gcrainn dhuillsilteacha lom (crainn a chailleann a nduilleoga sa gheimhreadh).
Nuair a fheictear na crainn loma i bpáirceanna agus faoin tuath is comhartha cinnte go bhfuil an geimhreadh ann.
Coimeádann na crainn shíorghlasa a nduilliúr i gcaitheamh na bliana go léir.
Feictear caora dearga ar an gcrann cuilinn ó mhí na Samhna ar aghaidh ag cur dath ar thírdhreach liath an gheimhridh.
Ní fhásann mórán plandaí i rith an gheimhridh.
Cosúil leis na crainn, tagann moilliú ar fhás phlandaí go dtí go stopann siad den fhás go hiomlán.
Feictear an plúirín sneachta agus sabhaircín buí, dúchasach ag fás i gcoillearnacha chomh luath le mí na Nollag.
I rith an gheimhridh bíonn deacracht ag na héin clúdach agus foscadh a fháil.
Úsáideann na héin áiteanna folaigh i gcrainn, toir shíorghlasa agus boscaí neadaireachta.
Luífidh éin den speiceas céanna go cluthar le chéile le teas a choinneáil iontu féin. Is éan aonair é an dreoilín de ghnáth ach cuachann dreoilíní le chéile ag iarraidh fanacht te. Bailíonn gealbhain bhinne i ngrúpaí, cuachta le chéile ag lorg teasa, chomh maith.
Faraor géar, má bhíonn an aimsir thar a bheith crua ní thagann a lán de na héin bheaga slán tríd an gheimhreadh.
Níl an baol báis chéanna ann d’éin urrúnta mar shampla an rúcach nó an snag breac.
Ag an tráth seo den bhliain, feictear druideanna ag bailiú le chéile go minic in ealtaí móra sa spéir agus taispeántais chleaseitilte iontacha ar bun acu.
Inslíonn a gcuid cleití na héin ón bhfuacht.
Fásann roinnt éin cleití breise i rith an fhómhair chun an teas a choinneáil iontu féin sa gheimhreadh.
Bíonn a gcleití cumhdaithe le hola chun iad a dhíonadh ar uisce.
Is féidir leis na héin a gcuid cleití a dhéanamh níos clúmhaí chun a oiread aeir agus is féidir a cheapadh iontu. Bíonn na héin ábalta an t-aer a théamh sna cleití agus coimeádann sé seo compordach te iad. Breathnaíonn na héin níos raimhre ná mar is gnáth mar gheall ar an nós seo.
Bíonn ar éin garraí cur lena n-aiste bia toisc go n-éiríonn bia gann i rith tréimhse dhrochaimsire an gheimhridh.
Nuair a bhíonn fáil ag na héin ar bheathadáin éan lán le cnónna agus síolta cuireann an bia breise brat saille orthu. Cabhraíonn sé seo go mór leo teacht slán ón bhfuacht agus ón nganntanas bia.
Is cuairteoirí rialta iad an lasair choille, an meantán gorm, an meantán dubh agus an gealbhan binne chuig boird éan.
Is féidir an spideog a chloisteáil ag ceiliúradh i gcaitheamh na bliana go léir. Bíonn cúis mhaith ag an spideog leis an gceiliúr glórach seo. Is mian leis an spideog rabhadh a thabhairt d’éin eile fanacht ar shiúl óna dhúiche agus é ag mealladh a chéile chuige don earrach.
Tugann roinnt éin a n-aghaidh ó dheas chuig aeráid níos teo, chun an geimhreadh a chaitheamh ann. Bíonn bia níos flúirsí sna tíortha teo.
Déanann an fháinleog, an gabhlán gaoithe agus an gabhlán gainimh an turas fada, beagnach 10,000km, go dtí an Afraic Theas. Filleann siad ar Éirinn arís i mí Aibreáin nuair a bhíonn an aimsir níos teo.
Tagann éin áirithe eile go hÉirinn san fhómhar ó thíortha atá níos fuaire.
Eitlíonn crotaigh agus cadhain anseo go hÉirinn chun geimhreadh níos séimhe a chaitheamh anseo sa tír seo.
Déanann ialtóga codladh geimhridh fhada. Is féidir leo fanacht ina gcodladh ar feadh timpeall is sé mhí má bhíonn ganntanas mór bia ann.
Tarlaíonn an codladh geimhridh seo thart ar mhí Dheireadh Fómhair/ Samhain.
I rith an ama seo titeann teocht choirp na hialtóige agus moillíonn ráta an chroí. Úsáideann an ialtóg fíorbheagán fuinnimh toisc nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar siúl aici.
Ní dhúisíonn an ialtóg go dtí mí an Mhárta nuair a ardaíonn na teochtaí agus nuair a bhíonn bia níos flúirsí.
Déanann an ghráinneog codladh geimhridh. Tosaíonn an codladh geimhridh thart ar mhí na Samhna agus maireann an tréimhse shuain seo go ceann sé seachtaine nó sé mhí, ag brath ar an aimsir. Déanann an ghráinneog ceirtlín di féin chun í féin a choimeád te agus téann sí a chodladh.
Tógann sí a nead i gcruacha adhmaid, i gcairn mhúirín agus i gcairn dhuilleog. Roimh dhul a chodladh di, bíonn an ghráinneog gníomhach ag ithe a oiread agus is féidir léi ag cur brat saille breise ar a corp.
Titeann teocht choirp na gráinneoige agus moillíonn ráta a croí agus í ina codladh ag ligean di fuinneamh a chaomhnú. Má tharlaíonn sé go mbíonn aimsir shéimh ann dúisíonn an ghráinneog agus téann sí amach ag seilg bia.
Ní dhéanann ioraí nó broic codladh geimhridh ach laghdaíonn siad a gcuid gníomhaíochta chun fuinneamh a chaomhnú. Ní théann siad a chodladh ar feadh tréimhsí fada mar a dhéanann ialtóga agus gráinneoga. Leanann siad orthu ag seilg bia nuair a thagann ocras orthu.
Fanann an t-iora go deas te ina nead i rith an gheimhridh.
Is amhlaidh ag an mbroc a fhanann ina bhrocais faoi thalamh, go deas te, sábháilte. Tagann sé amach i rith na hoíche ag seilg bia nuair a bhíonn ocras air.
Inniu Domhnach 13
Réamhaisnéis na haimsire
Cuileann
Ainm Laidine: Ilex aquifolium
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann síorghlas é an crann cuilinn. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann síorghlas le linn na bliana ar fad. Tá sé éasca na crainn a aithint i rith an gheimhridh toisc go bhfuil duilleoga fós le feiceáil orthu.Gnáthóg
Tá an cuileann an-chrua agus fásfaidh sé i mbeagnach aon áit seachas ar thalamh tais nó fliuch.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn é an cuileann síorghlas. Bíonn an cuileann fireann nó baineann. Bíonn caora ar an gcuileann baineann. Um Nollaig, úsáidtear craobhóga an chuilinn mar mhaisiúcháin.Duilleoga
Bíonn dath glas ar dhuilleoga an chuilinn i rith na bliana ar fad. Titeann duilleoga den chrann ar feadh na bliana ach fásann duilleoga nua ina n-áit go tapa. Tá na duilleoga righin agus biorach le spíonta géara orthu. Tá dromchla tiubh céiriúil orthu a choimeádann an t-uisce sna duilleoga i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an chré reoite.Bláthanna agus Síolta
Fásann bláthanna ar an gcuileann i rith an tsamhraidh. Cabhraíonn beacha agus feithidí eile pailin a iompair ó chrann go crann. Aibíonn na caora glédhearga sa gheimhreadh. Bíonn ceithre shíol i ngach caor.Leas don Fhiabheatha
Is foinse mhaith bhia iad caora an chuilinn do na héin i rith an gheimhridh. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Sabhaircín
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an sabhaircín go forleathan timpeall na hÉireann.Gnáthóg
Feictear sabhaircíní ag fás i bhféar ar imill bhóithre, ag bun fálta sceach, i gcoillearnacha agus i bhféarach.Cur Síos
Fásann duilleoga an tsabhaircín i gciorcal gar don talamh. Tá siad rocach agus tá dath dúghlas orthu. Bíonn idir dath gealbhuí agus dúbhuí ar bhláth an tsabhaircín le lár buí-oráiste dorcha ann. Bíonn cúig pheiteal ag gach bláth. Fásann na bláthanna ar ghais fhionnaitheacha, ingearacha.Tréimhse an bhláthaithe
Feictear sabhaircíní faoi bhláth chomh luath le mí na Nollag, agus ó Eanáir go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair maith í an sabhaircín do bheacha agus féileacáin.Plúirín Sneachta
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear plúiríní sneachta ar fud na tíre.Gnáthóg
Fásann plúiríní sneachta in aice le srutháin, cois bóithre agus i gceantair thaise.Cur Síos
Fásann an plúirín sneachta ag tús an Earraigh Tá sé 7-15 ceintiméadar ar airde. Tá 2/3 dhuilleog glasliath ag an bplúirín sneachta atá caol agus mín. Is bláth aonarach é le bláth amháin ag fás ar gach gas. Tá cloigeann cromtha aige atá bán, cloigínchruthach. Tá trí pheiteal taobh amuigh agus trí pheiteal taobh istigh aige le paistí glasa i gcruth “V” ar na barra. Dúnann peitil an phlúirín sneachta san oíche agus osclaíonn siad arís ag bánú an lae.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn plúiríní sneachta in Eanáir agus Feabhra ach uaireanta feictear iad chomh luath le Mí na Nollag.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra milis an bhlátha seo feithidí beaga. Ní bhraitheann sé ar phailniú le síolrú.Meantán Gorm
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann le ciumhsóg bhán timpeall ar sin. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Tá a ghob agus a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán gorm fireann agus baineann an-chosúil le chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán gorm a nead i bhfál sceach agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Cadhan
Grianghraf:
Dáileadh
Tagann an cadhan ar cuairt go hÉirinn sa gheimhreadh. Bíonn an ghé seo ar imirce ó Cheanada agus ón nGraonlainn. Fanann an cadhan anseo in Éirinn ó Dheireadh Fómhair go hAibreán. Ansin filleann sé ar Cheanada.Cur Síos
Tá dath éadrom ar chodanna íochtaracha an chadhain agus dath níos dorcha ar na codanna uachtaracha. Tá paiste beag bán ar uachtar an mhuiníl aige.Réim Bhia
Itheann an cadhan féar trá. Miléarach is ainm don fhéar trá seo. Bíonn an cadhan ag ithe agus é ag siúl ar an trá ag barr an láin mhara nó trasna bhlár láibe.Nead/Gnáthóg
I nDeireadh Fómhair sroicheann an cadhan Loch Cuan, Contae an Dúin. Eitlíonn siad ó Loch Cuan go háiteanna éagsúla ar fud cósta na hÉireann i rith an gheimhridh. Filleann formhór na n-éan seo go Contaetha éagsúla, Aontroim, Dún na nGall, Sligeach, Doire, An Lú, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Ciarraí.Meantán Dubh
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an meantán dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá ceithre mheantán againn in Éirinn ach is é an meantán dubh an t-éan is lú díobh. Tá a chloigeann dubh agus tá a leicne bán. Tá paiste fada bán ar chúl a mhuiníl. Dath liath atá ar a dhroim agus ar a eireaball. Tá a sciatháin liath freisin le marcanna beaga bána orthu. Tá a ghob beag, biorach agus tá a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán dubh feithidí, síolta agus cnónna. Ní mór dó bia a ithe gan stad i rith an gheimhridh mar cailleann sé teas agus fuinneamh go tapa. Tagann sé chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an meantán dubh cónaí i gcoillearnach bhuaircíneach ach feictear i ngairdíní nó i bpáirceanna é. Déanfaidh na héin seo neadacha i bpoill i gcrainn nó i mballaí.Crotach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an crotach go forleathan in Éirinn.Cur Síos
Is é an crotach an lapaire is mó in Éirinn. Tréith ar leith a bhaineann leis an gcrotach ná na cosa fada atá aige. Tá corp téagartha, muineál fada agus gob fada, cuartha aige. Tá clúmh stríocach aige atá liathdhonn agus nuair a bhíonn sé ag eitilt feictear a thóin bhán.Réim Bhia
Itheann an crotach ragaí, portáin agus moilisc (seilidí, drúchtíní agus diúilicíní).Nead/Gnáthóg
Déanann an crotach a nead ar an talamh i bhféarach garbh, móinéir agus fraoch. Is féidir teacht air go forleathan sa tír. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon síolraithe dúchasach an chrotaigh. Le déanaí, aithnítear go forleathan go bhfuil sé tábhachtach ceantair neadaireachta an chrotaigh a chosaint ó fhoraoisiú agus ó chleachtais dian talmhaíochta.Lasair Choille
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an lasair choille coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá aghaidh ghlédhearg ag an lasair choille. Tá marcanna bána ar a leicne agus dath dubh ar chúl a cinn. Dath dubh atá ar a heireaball le spotaí bána agus tá tóin bhán aici. Gob fada, tanaí atá aici.Réim Bhia
Itheann an lasair choille síolta. Is maith léi síolta agus feochadáin ach go háirithe.Nead/Gnáthóg
Feictear an lasair choille amuigh faoin tuath agus i bpáirceanna agus i ngairdíní. Déanann sí a nead go hard i bhfolach i bhfálta nó i gcrainn. Úsáideann sí caonach, gruaig agus cleití chun a nead a dhéanamh. Lorgaíonn sí bia ag an mbord éan.Snag Breac
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an snag breac an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an snag breac. Tá clúmh dubh agus bán air. Tá a eireaball fada le himir ghlas air.Réim Bhia
Itheann sé péisteanna agus drúchtíní ach itheann sé aon rud nach mór.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an snag breac i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Déanann sé a nead le cipíní agus le caonach go hard i gcrainn.Spideog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan ramhar í an spideog le brollach dearg oráisteach. Tá dath liathdhonn ar a codanna uachtaracha agus liathbhán ar a bolg agus ar a brollach íochtarach. Tá an spideog fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil dath níos gile ar an éan fireann.Réim Bhia
Itheann an spideog feithidí, péisteanna agus ciaróga, go príomha. Lorgaíonn sí bia piseanna talún agus síolta ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an spideog go rialta i ngairdíní, i gcoillearnacha agus i bhfálta sceach. Bíonn a nead ceilte go maith i mbruacha, in eidhneán, i bpoill i gcrainn agus i mballaí ach déanfaidh sí a nead in áiteanna neamhghnácha ar nós bothán gairdín. Bíonn an spideog fhireann an-chosantach faoina fhearann. Bíonn sé réidh chun troda go bás chun a gheadán talún a chosaint, más gá.Rúcach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an rúcach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an rúcach. Tá sé dubh le himir den chorcra. Tá a ghob caol agus liath. Tá an rúcach fireann agus baineann an-chosúil lena chéile.Réim Bhia
Itheann an rúcach ciaróga, damháin alla, péisteanna, mamaigh agus éin bheaga agus a n-uibheacha. I gceantair uirbeacha, itheann sé dramhaíl bhia agus i gceantair thuaithe itheann sé prátaí agus gránach.Nead/Gnáthóg
Déanann rúcaigh neadacha toirtiúla i mbarr chrainn ar a nglaoitear garráin phréachán.Gealbhan Binne
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an gealbhan binne an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Bíonn an gealbhan binne le feiceáil go minic. Tá cloigeann mór aige le leicne bána agus gob tiubh. Tá a chleití donn dorcha le stríoca dubha ar an gcorp uachtar. Dath donn éadrom atá ar na codanna íochtaracha. Feictear gealbhain bhinne go minic ag eitilt in ealtaí móra.Réim Bhia
Beathaíonn an gealbhan binne ar shíolta, grán agus roinnt feithidí. Tógann sé bia ó bhoird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an gealbhan binne a nead i gcuasa i bhfoirgnimh, faoi sceimhleacha nó i bpoill fágtha i mballaí ina bhfuil brící ar iarraidh.Druid
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an druid an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an druid le feiceáil i ngairdíní ar fud na tíre. Tá a eireaball gearr agus a sciatháin biorach. Tá a ghob buí. Bíonn a chlúmh lonrach le himir den ghlas agus den chorcra air sa samhradh. Sa gheimhreadh, bíonn na cleití níos neamhlonraí le spotaí bána. Ag an tráth seo den bhliain, bailíonn siad le chéile go minic in ealtaí móra sa spéir agus taispeántais chleaseitilte iontacha ar bun acu.Réim Bhia
Is iomaí cineál éagsúla bia a itheann an druid, feithidí, céadchosaigh, damháin alla, leamhain, péisteanna talún, torthaí, gránaigh agus síolta.Nead/Gnáthóg
Déanann an druid a nead i bpoill nó i scoilteanna i bhfoirgnimh agus i gcrainn.Fáinleog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Aithnítear an fháinleog go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a heireaball fada, gabhlach. Tá a codanna íochtaracha bán. Tá paiste dearg ar a haghaidh agus banda caol, dubh ar a brollach.Réim Bhia
Beathaíonn an fháinleog ar fheithidí beaga (míoltóga agus cuileoga) agus í ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Filleann na fáinleoga ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann a bhformhór díobh i mBealtaine ón Afraic Theas. Filleann siad ar na suímh neadaireachta a bhí in úsáid acu cheana. Is éan lúfar í an fháinleog agus í ag eitilt. Is annamh a thuirlingíonn sí ar an talamh ach amháin chun láib agus féar a phiocadh suas le húsáid chun a nead a dhéanamh. Tógann sí nead i gcruth babhla as láib, i suímh oiriúnacha i sciobóil agus i bhfoirgnimh eile.Gabhlán Gaoithe
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an gabhlán gaoithe coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Tá dath donn dorcha ar an ngabhlán gaoithe. Tá dath éadrom ar a scornach. Tá a sciatháin fada agus caol. Tá gabhal beag san eireaball aige ach ní mar a chéile leis an bhfáinleog é. Ní fheictear an gabhlán gaoithe ar fhara, ar fhálta nó ar shreanga toisc go bhfuil a chosa an-bheag agus is ar éigean gur féidir leis siúl. Caitheann sé formhór a shaoil nach mór, san aer gan tuirlingt. Teastaíonn airde mhaith ón ngabhlán gaoithe chun éirí i dtús eitilte. Dá bhrí sin níl foirgneamh aon stóir oiriúnach dá nead. Tá gáir chráite aige.Réim Bhia
Beathaíonn an gabhlán gaoithe ar fheithidí beaga agus é ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Feictear an gabhlán gaoithe go minic i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta. Tógann sé nead i bpoill taobh istigh d’fhoirgnimh nó i bpoill faoi dhíonta. Is féidir teacht air i mbosca atá deartha go speisialta do ghabhlán gaoithe.Dreoilín
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an dreoilín an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an dreoilín ar cheann de na héin is lú atá againn. Tá corp beag, cruinn aige le heireaball beag, ardaithe. Tá clúmh a dhroma deargdhonn agus a bhrollach liath. Breathnaíonn an dreoilín fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Beathaíonn an dreoilín ar fheithidí beaga agus a larbhaí.Nead/Gnáthóg
Feictear an dreoilín i ngnáthóga éagsúla, i ngairdíní rosánacha agus i sceacha foscúla. Tá cruth cruinn ar an nead agus í déanta as caonach le bealach isteach beag ar an taobh. Bíonn an nead ceilte go maith agus í suite in eidhneán nó i bhfásra casta, dlúth.Gabhlán Gainimh
Grianghraf:
Cur Síos
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh. Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach ó Mhárta ar aghaidh agus is é ceann de na héin imirce is luaithe a thagann go hÉirinn. Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an Fhómhair. Tá an gabhlán gainimh níos lú ná an gabhlán gaoithe agus an fháinleog. Tá sé suas le 12cms ar fad. Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin fásta donn dorcha. Tá íochtar an ghabhláin bán cé is móite de bhanda leathan timpeall a chliabhraigh. Beathaíonn an gabhlán gainimh ar fheithidí agus é ar eiteog.Gnáthóg/ Nead
Tochlaíonn an gabhlán gainimh in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha. Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.Broc
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an broc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche é an broc. Is féidir leis suas le 200 péist talún a ithe in aon oíche amháin. Is tochaltóir láidir é. Tá nasc idir an broc agus scaipeadh an ghalair, eitinn bhólachta, in eallaí. (galar tógálach baictéarach) Tá an broc an-ghar i ngaol leis an dobharchú, leis an gcat crainn agus leis an minc.Réim Bhia
Is uiliteoir é an broc (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) Itheann sé péisteanna talún go príomha agus ciaróga, drúchtíní, seilidí, francaigh, lucha agus coiníní chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an broc i bhfálta, i scrobarnach agus i gcoillearnach. Tugtar brocach ar bhaile an bhroic (gréasán tollán casta faoi thalamh).Ialtóg Fheascrach
Dáileadh
Tá an ialtóg fheascrach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is í an ialtóg fheascrach an dara hialtóg is lú in Éirinn agus an ialtóg is mó seans a fheicfear. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Is eitleoir gasta í agus tógann sí conair eitilte casta, neamhrialta agus í sa tóir ar bhia. Is féidir léi suas le 3,000 feithid a ithe in aon oíche.Réim Bhia
Eitlíonn sí i ndiaidh luí na gréine chun éin chreiche a sheachaint, pocairí gaoithe ach go háirithe. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte mar chuileoga, mhíoltóga agus leamhain. Itheann sí ar eiteog, ag breith ar a creach ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a eireaball chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é. Tagann sí ar bhia i bhfálta sceach, i gcoillearnacha agus i ngairdíní bruachbhailteacha. Bíonn sí ag fiach os cionn uisce chomh maith.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Is minic a aimsítear ialtóga feascracha ar fhara i dtithe agus i bhfoirgnimh gar do choillearnacha agus d’fhálta sceach i gceantair uirbeacha agus amuigh faoin tuath.Gráinneog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an ghráinneog coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche í an ghráinneog (gníomhach san oíche). Tá radharc na súl go dona aici. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i mbaol, déanann sí meall di féin mar chosaint. Faraor ní oibríonn an teicníc seo ar thrácht bhóthair agus maraítear an-chuid gráinneoga ar an gcaoi sin.Réim Bhia
Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, drúchtíní, ciaróga agus boilb ach itheann sí caora agus torthaí nuair a bhíonn siad ar fáil.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ghráinneog i gcoillearnacha agus ar thalamh féaraigh suite i lár scrobarnaí. Tá teacht uirthi go minic i gceantair bhruachbhailteacha. Is annamh a fheictear í i gcoillte buaircíneacha, ar thalamh riascach nó ar mhóinteáin.Iora Rua
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an t-iora rua coitianta go leor in Éirinn agus tá méadú ar a líon le blianta beaga anuas.Cur Síos
Ainmhí dúchasach is ea an t-iora rua. Tá sé níos lú ná an t-iora glas. Is féidir leis an iora rua maireachtáil i ngach chineál coillearnaí, fiú amháin i bhforaoisí buaircíneacha. Tá sé imithe ar fad ó choillte ar a bhfuil seilbh glactha ag an iora glas mar is é an t-iora glas an buaiteoir i gcónaí san iomaíocht idir eatarthu. Cónaíonn an t-iora rua i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Sa gheimhreadh, is féidir leis an iora rua dul gan aon bhia a ithe ar feadh roinnt laethanta ach ní dhéanann sé codladh geimhridh. Cuireann sé bia i dtaisce in áiteanna éagsúla ina thimpeallacht bhaile féin. Ní móide go gcuimhníonn sé cár chuir sé an bia seo ach tá seans ann go n-aimsíonn sé an taisce bia ón mboladh.Réim Bhia
Beathaíonn an t-iora rua ar shíolta crann, ar bhachlóga agus ar thorthaí ag brath ar shéasúr na bliana agus an soláthar áitiúil. Idir éirí agus luí na gréine, bíonn sé gníomhach ag fiach do bhia. Itheann sé go hard i gcrainn i ngach séasúr agus i ngach gnáthóg.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an t-iora rua i ngach chineál coillearnaí ó choillte leathanduilleacha go coillte buaircíneacha.Lon Dubh
Grianghraf:
Cur Síos
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn. Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn. Is breá leis an lon dubh péisteanna. Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i bhfál sceach. Tá cruth cupáin ar an nead.Cruidín
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an cruidín coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Is éan geal, ildaite, sainiúil é an cruidín le dath dearg oráisteach geal ar a chodanna íochtaracha. Tá dath gorm geal, lonrach ar a dhroim, ar a thóin agus ar a eireaball. Seasann sé ar chraobh in aice srutháin nó abhann ag faire amach d’éisc.Réim Bhia
Itheann an cruidín éisc bheaga agus feithidí uisce. Tumann sé san uisce chun breith orthu.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcruidín cois srutháin, aibhneacha, canálacha, lochanna agus inbhear. Feictear é ag eitilt ar ard luas, ag fanacht íseal agus gar don uisce. Síolraíonn an cruidín i dtolláin tochailte i mbruacha cois srutháin agus aibhneacha.Fuinseog
Fraxinus excelsior
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Feictear an fhuinseog go minic i gcoillte. I ngach duilleog tá 9 go 13 dhuillín ar ghas. Tá siad ubhchruthach, biorach agus duillín amháin ar an mbarr. Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Aibíonn na torthaí san fhómhar. Crochann siad ar nós cloigíní eochracha agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair. Meallann boladh na mbláthanna feithidí eitilte oíche atá tábhachtach d’ialtóga. Is maith le héin na síolta. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Saileach
Salix spp.
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an tsaileach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann saileacha i gcré thais in aice aibhneacha. Tá roinnt saileacha ann atá nádúrtha in Éirinn ach ceann coitianta is ea an tsailchearnach. Tá na duilleoga ubhchruthach agus biorach le híochtar clúmhach. Iompaíonn na duilleoga glasbhuí geal san Fhómhar. Fásann caitíní ar an saileach. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Ta na caitíní cosúil le lapaí cait. Tá dath an airgid orthu agus seasann siad suas díreach. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Eiríonn na caitíní clúmhach de réir mar a aibíonn na síolta i mí na Bealtaine agus Meitheamh. Scaiptear na síolta clúmhacha ar an ngaoth. Maireann go leor cineálacha d’fheithid ar shaileacha. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Buachalán Buí
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an buachalán buí go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an buachalán buí ag fás ar thalamh féaraigh agus talamh garbh.Cur Síos
Is planda measartha ard é an buachalán buí a fhásann idir 30cm agus 200cm ar airde. Tá gas fada, díreach, glas aige. Tá na duilleoga droimníneach a chuireann cuma chlúmhaigh timpeall an ghais. Toisc go bhfásann sé ar thalamh féaraigh tá sé an-éasca an buachalán buí a fheiceáil mar gheall ar na grúpaí bhláthanna buí, cothromaithe atá cosúil le nóiníní. Tá gach bláth 15-25 mm agus bíonn idir 12 agus 24 bláthóg ag gathú amach ó dhiosca sa lár.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an buachalán buí ó Mheitheamh go Samhain. Is féidir le planda amháin 30,000 síol a thabhairt.Leas don Fhiabheatha
Is breá leis na beacha an buachalán buí. Is foinse mhaith bhia í do na boilb leamhan flanndearg a fhéadann duilleoga agus bláthanna an bhuachaláin bhuí a scamhadh go huile agus go hiomlán. Is planda é atá nimhiúil d’ainmhithe a bhíonn ag iníor, eallaí agus capaill ach go háirithe.Vól Bruaigh
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an vól bruaigh coitianta i ndeisceart na hÉireann.Cur Síos
Is creimire é an luch rua ach ní ainmhí dúchasach é. Thángthas ar an vól bruaigh den chéad uair riamh, i dtuaisceart Chiarraí i 1964 agus is é an t-aon vól amháin atá againn in Éirinn. Is dreapadóir maith é agus dreapann sé ag lorg bia. Bíonn sé gníomhach lá agus oíche, ach sa samhradh bíonn sé gníomhach i rith na hoíche amháin.Réim Bhia
Is uiliteoir é an vól bruaigh (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Itheann sé caora, bleibíní, síolta, torthaí, feithidí, seilidí, larbhaí agus péisteanna talún.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an vól bruaigh in áiteanna ina bhfuil go leor scrobarnach dhlúth mar a fhaightear i gcoillearnacha duillsilteacha, i bhfálta agus i ndíoga fiáine.Francach Donn
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an francach donn coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is creimire é an francach donn. Tá sé níos mó ná an francach dubh. Is tochaltóir maith é agus tochlaíonn sé i mbruacha agus i bhfálta sceach. Is snámhóir maith é. Is féidir leis léim agus dreapadh. Is ainmhí oíche é nach mór ach feictear é ag ransú i rith an lae nuair a bhíonn flúirse bia ar fáil. Glaoitear an francach coiteann, an francach sráide agus an francach séaraigh air chomh maith.Réim Bhia
Is uiliteoir é an francach donn (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr leis réim bhia veigeatórach. Faoin tuath, itheann sé gránach agus barra éagsúla. In ionad dumpála bruscair, itheann sé réimse leathan dramhaíola ó éisc agus feoil go glasraí.Nead/Gnáthóg
Tá teacht ar an bhfrancach donn i ngnáthóga ina bhfuil flúirse bia ann. Feictear é i bhfoirgnimh thionsclaíocha, ar fheirmeacha, in áiteanna ina mbailítear bruscar, i séaraigh, i bhfálta, gar d’uiscebhealaí agus ar an gcósta.Luch Fhéir
Cur Síos
Tá an luch fhéir le feiceáil go forleathan i mbeagnach gach áit in Éirinn. Is uiliteoir í an luch fhéir (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr léi síolta. Itheann sí torthaí, caora, bachlóga, cnónna, fréamhacha, gránach agus bleibíní. Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, seilidí, agus feithidí chomh maith. Is creimire í. Is ainmhí oíche í den chuid is mó ach uaireanta feictear í i rith an lae. Gluaiseann sí go tapa agus is féidir léi snámh agus dreapadh. Tá nós aici léim go hard san aer nuair a bhaintear geit aisti.Dobharchú / Madra Uisce
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an dobharchú coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí an-fhaiteach é an dobharchú. Is ainmhí oíche é an dobharchú (gníomhach san oíche) a chónaíonn in aibhneacha agus lochanna. Nuair a bhíonn sé ag fiach faoi uisce is féidir leis fanacht thíos ar feadh 40 soicind, ag teacht ar bharr uisce ar feadh 2 -3 soicind idir tumthaí. Tá an dobharchú an-ghar i ngaol leis an minc, an cat crainn agus an broc.Réim Bhia
Itheann an dobharchú réimse creiche a fhaigheann sé in uisce nó ar thalamh. Itheann sé éisc den chuid is mó, bradáin agus bric ach go háirithe. Ar riasca, itheann sé froganna agus cois chósta itheann sé portáin. Creachann sé éin chomh maith ar nós lachain agus cearca uisce.Nead/Gnáthóg
In Éirinn is féidir teacht ar an dobharchú i ngnáthóga uisceacha éagsúla ar nós srutháin bheaga, aibhneacha, lochanna, riasca agus tránna gainmheacha. Bíonn fionnuisce ag teastáil ón dobharchú cois chósta chun an salann a ní óna chuid fionnaidh. Is maith leis fásra a bheith ann ar an mbruach mar chlúdach fhoscúil don pholl a thógann sé dó féin.Cláirseach
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an chláirseach go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is crústach a mhaireann ar talamh í an chláirseach. Ní feithid í agus tá gaol aici leis an ribe róibéis, an gliomach agus an portán. Cosúil lena gaolta uisceacha, análaíonn sí trína geolbhaigh. Triomaíonn sí amach go héasca agus dá bhrí sin is fearr léi maireachtáil in áiteanna taise, fliucha. Tá sí timpeall is 14 mm ar fad. Tá sí cothrom, ubhchruthach agus liath. Tá clúdach crua, mín ar an taobh amuigh dá corp atá cosúil le harmúr. Tá seacht ndeighleog choirp aici agus péire cos ar gach deighleog. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i gcontúirt is féidir léi meall a dhéanamh di féin. Itheann an chláirseach gach cineál ábhair atá ag lobhadh. Téann sí i bhfolach i rith an lae agus tagann sí amach san oíche. Tá púitse ag an gcláirseach bhaineann atá cosúil le púitse cangarú agus úsáideann sí é chun a hóga a iompar. Beireann sí a huibheacha sa phúitse agus tagann siad amach ann.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcláirseach faoi charraigeacha agus lomáin, i gcairn múirín agus in aon áit a mbíonn fásra ag lobhadh. Is maith léi áiteanna fionnuara, taise, dorcha.Bithéagsúlacht
Beathaíonn an chláirseach ar fhásra atá ag lobhadh agus cabhraíonn sí go mór sa ghairdín ag athchúrsáil na cothaithigh ar ais sa chré.Céadchosach Donn
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an gcéadchosach donn ar fud na hÉireann.Fíricí
Áirítear an céadchosach donn mar artrapód. Níl cnámh droma inmheánach ag artrapóid ach tá clúdach crua ar an taobh amuigh dá chorp. Tá go leor codanna nasctha le chéile i gcorp an artrapóid. Tá an céadchosach donn idir 18mm agus 30mm ar fad. Tá sé tanaí. Tá dath cnódhonn nó rua air. Tá 15 péire cos aige, péire do gach cuid dá chorp. Tá crúba nimhiúil aige ar gach taobh dá cheann agus gialla láidre prioctha aige a úsáideann sé chun a chreach a mharú. Níl radharc na súl go maith aige. Úsáideann sé a aintéiní fada agus a chosa fada dubha chun eolas a fháil ar a thimpeallacht. Beathaíonn sé ar fheithidí beaga, damháin alla, drúchtíní agus péisteanna san áireamh. Seilgeann sé san oíche. Is féidir leis an gcéadchosach donn siúl siar is aniar chomh tapa céanna agus déanfaidh sé iarracht rith níos tapa ná a chreachadóirí chun éalú uathu. Is féidir leis a chosa a ligean uaidh chun éalú ó bheith gafa agus fásann siad arís.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcéadchosach donn faoi charraigeacha, lomáin, carnán duilleog i ngairdíní, talamh féaraigh agus talamh feirme. Is maith leis áiteanna taise.Bithéagsúlacht
Is breá le garraíodóirí an céadchosach donn mar maraíonn sé go leor lotnaidí gairdín ar nós drúchtíní. Is foinse mhaith bhia é do mhamaigh ar nós dallóga fraoigh, éin agus buafa.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.