Caibidil 2: Excalibur 

Bhí Clíona Ní Liatháin tuirseach de na laethanta saoire. Ní raibh suim dá laghad aici siúl timpeall ar shean-chaisleáin. Ba bhreá léi dreapadh suas ar na ballaí briste. Ba bhreá léi na héadaí ríoga a bhí ar taispeáint a thriail uirthi. Ní raibh suim aici féachaint ar na rudaí a bhí ann fadó gan seans a fháil iad a thriail di féin. Bhí sí ag siúl timpeall ar chaisleán lena mam agus le grúpa turasóirí. Bhí fear ag caint leis an ngrúpa faoin saol fadó. Agus bhí sé ag faire go cúramach ar Chlíona. Go cúramach agus go crosta. Ní cheadódh seisean di a bheith ag spraoi.

‘A bhean óg,’ ar sé, ‘ná leag do lámh ar na nithe atá ar taispeáint.’

‘A Chlíona!’ arsa a Mam de chogar. ‘Bí go maith.’

Bhí buachaill ard ag féachaint ar Chlíona agus straois gháire air, rud nár thug sásamh ar bith di. Bhí an buachaill ar comhaois léi agus T-léine dhubh air. Bhí pictiúr d’arracht bán ar bhrollach a léine agus ainm rac-ghrúpa éigin ar a cúl.

3