Chuaigh an grúpa isteach i seomra leadránach eile. Bhí éide dhearg ar na fir sna portráidí móra ar na ballaí. Shiúil an buachaill in aice le Clíona.
‘Bhfuil tusa tuirseach den áit seo mar atá mise?’ a d’fhiafraigh sé.
‘Cé chomh tuirseach de is atá tusa?’
Stad sé ar feadh nóiméid. ‘As a deich? A naoi, déarfainn. Ach tá siad seo agam.’ Thóg sé cábla dearg agus dhá chluasán bheaga as a phóca. Luasc sé san aer iad.
‘Cad é?’ Bhí mearbhall ar Chlíona.
‘Tá mé ag éisteacht le ceol.’ Rinne sé meangadh gáire léi. Bhí a chuid gruaige ag sileadh ina shúile. ‘Tá an stuif seo ar eolas agam ar aon nós. Bheinnse i mo threoraí níos fearr ná an boc sin.’
Bhí an buachaill róshásta leis féin, dar le Clíona. Chuir sé olc uirthi.
‘Dáiríre? Cé hí sin, abair liom?’ Shín sí a méar le ceann de na pictiúir.
‘Hmm. An Bhantiarna Marion Watt, an ceathrú bandiúc.’
Léigh Clíona an lipéad faoin bpictiúr. Bhí an ceart ag an mbuachaill, faraor.
‘Cad is ainm duit?’ a d’fhiafraigh sé agus straois air.
‘Clíona.’
‘Is mise Dylan. Cad as tú?’
‘As Baile Átha Cliath, in Éirinn.’
‘Tá a fhios agam. An phríomhchathair ina bhfuil cónaí ar a haon ponc a dó milliún duine. Tá cáil na litríochta agus an cheoil ar an gcathair.’
Chroith Clíona a ceann. ‘Cén sórt tusa? An foclóir thú nó rud éigin?’
‘Ciclipéid atá i gceist agat. Ní hea...’
Ach thiontaigh Clíona agus d’imigh sí. Chuireadh gach buachaill olc uirthi, agus an buachaill seo go háirithe.

4