‘Inis dúinn?’ arsa an prionsa, nuair a bhí a mian scríofa sa leabhar ag Chloe. ‘Cad a d’iarr tú ar an leabhar?’
D’fhreagair Chloe é agus í beagán brónach. ‘D’iarr mé nach leabhar draíochta a bheadh ann níos mó.’
‘Is tusa an óinseach!’ arsa an Prionsa Antinous go crosta.
Chroith an dragún a cheann agus thug sé drochshúil ar an bprionsa. ‘Tá ciall ag an gcailín seo, dar liom, ciall cheannaithe. Fad is atá daoine cosúil leatsa ann, beidh leabhar den sórt seo an-chontúirteach.’ Agus leis sin, thosaigh sé ag stróiceadh leathanaigh an leabhair lena chrúba. Níor fhan an leabhar in aon phíosa amháin an uair seo. Thit sé as a chéile agus d’imigh na leathanaigh le gaoth.
‘Bualadh bos mór do Chloe!’ a scairt an gabha. ‘Hip, hip, hurá!’ Scairt muintir Scheria go léir in éineacht leis. Bhí siad sona sásta agus iad ag rith go dtí Chloe, cé go raibh beagán eagla orthu fós roimh an dragún. Nuair a thóg siad Chloe ar a nguaillí chun í a iompar abhaile leo, chas sise ar ais go dtí an dragún.

38