‘Hmmpf…’ Rinne sé drantán íseal. ‘Déanfaidh mé eisceacht, mar sin féin, do chailín amháin.’ Shín sé a chrúb i dtreo Chloe. ‘Is cailín misniúil, cliste, macánta í seo. Tá cead aicise a mian a iarraidh. Tar anseo chugam, a chailín.’
Bhí muinín ag Chloe as an dragún, ach mar sin féin, bhí sé scanrúil siúl suas chuige agus a chrúba fíochmhara sínte amach aige.
‘Go raibh maith agat.’
D’oscail Chloe an leabhar agus smaoinigh sí ar a mian. Seo an seans deireanach a bheadh aici a mian a iarraidh, b’fhéidir. Ar mhaith léi a bheith ar an duine ab áille ar domhan arís? Níor mhaith, ní raibh suim aici ina leithéid anois. D’fhéach sí ar mhuintir an bhaile sa slua. Mór an faoiseamh nach froganna a bhí iontu níos mó. Ansin d’fhéach sí ar an bprionsa agus a chairde. Bhí gach duine ar bís agus iad ag faire uirthi.
Cad a theastaigh uaithi? Go mbeadh an Prionsa Antinous go deas cineálta? Ach smaoinigh sí ansin go mbeadh daoine cosúil leis an bprionsa ann i gcónaí. B’iontach an spraoi agus an sonas a bhí ag muintir an bhaile nuair a bhí Leabhar na Mianta acu. Ach fad is a bhí an leabhar ann, bheadh daoine santacha, gránna á iarraidh dóibh féin. Thuig sí go tobann cad é a mian.

37