Phreab Chloe trasna an tseomra agus gliondar ar a croí. D’oscail sí an leabhar agus chuir sí an peann sa dúch. Bhí sí réidh lena mian a scríobh. Bhí sí ar tí an chéad fhocal a scríobh ach bhí uirthi stopadh. Bhí mearbhall uirthi. Bhí sí go maith ag léamh agus ag scríobh, ach anois ní raibh a fhios aici conas focal ar bith a chur sa leabhar. Ní raibh a fhios aici conas ‘baile’ nó ‘leabhar’ a litriú. Cad a bhí cearr léi? Chuir sí marcanna ar an leathanach ach ní raibh siad cosúil le focail. Ní raibh siad cosúil le litreacha den aibítir. Bhí dearmad déanta aici conas scríobh.
‘Ó, féach cé atá anseo! An cailín beag gránna as Scheria!’
Bhí an Prionsa Antinous ag doras an tseomra agus straois gháire a bhéal. Bhain sé geit uafásach as Chloe. Léim sí siar agus imní an domhain uirthi.
‘Ní féidir leat do mhian a iarraidh, an féidir?’ Rinne an prionsa gáire magúil, gangaideach. ‘Ní amadán mise, an dtuigeann tú? Ní raibh mé chun seans a thabhairt do dhaoine eile an leabhar a ghoid uaim. D’iarr mé mian an-speisialta. Ní féidir ach le duine amháin scríobh i Leabhar na Mianta, agus an duine sin ná mise! An-chliste ar fad, caithfidh mé a rá.’

32