D’fhéach sí ar an dragún agus sceitimíní uirthi. Ní dúirt an créatúr faic agus shiúil Chloe isteach an doras go tapaidh. Bhí an seomra ina raibh sí lán de rudaí iontacha. Rudaí níos iontaí agus níos costasaí ná aon rud eile a chonaic sí sa chaisleán. Bhí seoda carnaithe ar an urlár, muincí lonracha déanta de phéarlaí agus bráisléidí airgid ina measc. Bhí claimhte crochta ar na ballaí, iad maisithe go snasta, gleoite. Bhí boird órga sa seomra a raibh buidéil áille ildaite ina seasamh orthu. Uisce cumhra a bhí i ngach buidéal agus bhí boladh aoibhinn ag éirí san aer as gach buidéal. Ach i measc na rudaí iontacha go léir – a bhí ina luí go míshlachtmhar ar fud an tseomra, dáiríre – bhí bord amháin a raibh peann agus dúch air. Agus bhí leabhar ar an mbord in aice leo. Leabhar na Mianta a bhí ann.

31