Tháinig daba salachair ag eitilt san aer agus bhuail sé an Prionsa Antinous ar a ghualainn. Bhí a chlóca brocach salach anois. Bhuail daba eile é. Agus ceann eile. Bhí puiteach salach ag titim ar na capaill ar fad sa scuaine. Bhí cairde agus giollaí an phrionsa trína chéile. Níor thuig siad cad a bhí ag tarlú. D’imigh siad leo ar cosa in airde. Fágadh an prionsa ina aonar agus é ag iarraidh smacht a fháil ar an slua. Stán sé orthu go feargach. Ach lean na daoine orthu ag béicíl agus ag caitheamh dabaí salachair air. Bhí an prionsa chomh brocach, salach nach raibh na dathanna ar a chuid éadaí breátha le feiceáil níos mó.
Thóg sé a dhorn san aer. D’ísligh roinnt daoine a bhí in aice leis a lámha.
‘Beidh. Aiféala. Oraibh. Faoi. Seo.’ Ar éigean a bhí an prionsa in ann na focail a rá, bhí fearg chomh mór air. Ansin d’fháisc sé a shála ar a chapall agus d’imigh sé leis ar cosa in airde amach as an mbaile.
‘Ó a Dhia,’ arsa an sagart.
‘Ó a leithéid,’ arsa an gabha. Chroith sé a cheann go brónach.
Chroith Chloe a guaillí. ‘Bhí orm é a dhéanamh. Tá sé chomh sotalach, postúil go raibh sé tuillte go maith aige.’
Bhí gach duine buartha go ndéanfaí froganna díobh. Ach mar sin féin bhí siad ag gáire lena chéile go sásta. Bhain siad an-sult as dabaí salachair a chaitheamh leis an bprionsa a rinne bulaíocht orthu.

18