Dúirt a lán daoine le Chloe an uair sin go raibh sí róbhródúil as a háilleacht. Ach níor éist sí leo. Chreid sí gur éad a bhí orthu léi. Bhí sí ag magadh fúthu istigh ina hintinn féin. Agus anois nuair a chonaic sí an Prionsa Antinous, thuig sí go maith na smaointe a bhí ina cheann. Thuig sí nach raibh cúis ar bith aige a bheith bródúil, sotalach, lánsásta leis féin. Thosaigh sí ag magadh is ag búáil. Ní raibh sí in ann stop a chur léi féin. Stán an prionsa uirthi. Agus is ea is faide a stán sé uirthi, is ea is mó a lean sise ag glaoch amach air.
‘Bú! Is gadaí agus bulaí thú! Imigh leat!’
Ní fada gur thosaigh na páistí go léir ag béicíl agus ag búáil. Thosaigh na daoine fásta ag magadh faoin bprionsa. D’éirigh siad óna nglúine. Tháinig athrú mór ar ghnúis an phrionsa. Ní dearg le bród a bhí sé ach dearg le fearg.
‘Gadaí santach!’
‘Bú!’
‘Robálaí!’
‘Imigh leat!’
Bhí sé lánsoiléir go raibh an Prionsa Antinous míshásta. Crosta, feargach, suaite. D’fhéach sé ar a chairde go gasta. Chuir sé a shrón san aer. Lig sé air go raibh gach rud go breá. Ba chuma leis go raibh fuath ag na daoine dó, a dúirt sé leis féin. Ach níor chreid sé go raibh sin fíor. Bhí fearg chomh mór air gur dhíosc sé a chuid fiacla. Bhí sé réidh le pléascadh.

17