Cúpla lá ina dhiaidh sin d’airigh mo bhean an cailín beag uaithi.
Bhí sí ar iarraidh ar feadh cúpla uair. Nuair a tháinig sí abhaile d’inis sí dhúinn go raibh sí tar éis
cuairt a thabhairt ar an mbean a shábháil í.
“Rinne sí cáca dhom,” ar sise. “Níl duine ar bith sa teach aici ach í féin, agus dúirt mé léi go ngabhfainn ar cuairt aici chuile thráthnóna.”

‘Níor fhéad mise ná mo bhean focal a rá ina haghaidh. Bhí an Deargadaol tar éis anam ár ngirsí a shábháil, agus ní bheadh sé nádúrtha a chrosadh ar an leanbh dul isteach ina teach. Ón lá sin amach théadh an cailín beag suas an cnoc chuici gach re lá.
‘Dúirt na comharsana linn nach raibh sé ceart. Bhí sórt amhrais orainn féin nach raibh sé ceart, ach cén neart a bhí againn air?
‘An gcreidfeadh sibh mé, a dhaoine? Ón lá ar leag an Deargadaol súil ar an gcailín beag thosaigh sí ag imeacht as, ag imeacht as, mar a d’imeodh tine nach ndeasófaí. Chaill sí a goile agus a lúth. Tar éis ráithe ní raibh ann ach a scáil. Tar éis míosa eile bhí sí sa gcill.

10
Deargadol

Leathanach 10

Scéalta