‘Go sábhála Dia sinn,’ a deir mo mháthair.
‘Áiméan, a Thiarna,’ arsa an fear siúil. Níor labhair sé arís go ceann scaithimh.
D’éisteamar ar fad, mar bhí a fhios againn go raibh sé chun scéal a insint. Ba ghearr gur thosaigh sé.
‘Nuair a bhí mise i mo scorach,’ arsa an fear siúil, ‘bhí bean ar an bpobal se’againne a raibh faitíos ar chuile dhuine roimpi. I mbothán uaigneach i mám sléibhe a bhí cónaí uirthi. Ní ghabhadh aon duine i bhfoisceacht dá teach. Ní thagadh sí féin i ngar do theach duine ar bith eile. Ní labhraítí léi nuair a chastaí do dhuine ar an mbóthar í. Ní chuireadh sise focal ná fáirnéis ar dhuine ar bith. Ba thrua leat an créatúr a fheiceáil agus í ag gabháil an bhóthair ina haonar.
‘“Cé hí siúd,” a deirinnse le mo mháthair, “nó tuige nach labhraítear léi?”
‘“Éist, a ghiolla,” a deireadh mo mháthair liom. “Sin í an Deargadaol. Is bean mhallaithe í.”
‘“Céard a rinne sí, nó cé a chuir an mhallacht uirthi?” a deirinnse.
‘“Sagart Dé a chuir an mhallacht uirthi,” a deireadh mo mháthair.
“Níl a fhios ag duine ar bith céard a rinne sí.”
‘Agus sin a bhfuaireas d’eolas ina taobh go rabhas i mo stócach fásta. Agus go deimhin daoibh, a chomharsana, níor chuala mé ina taobh riamh ach go ndearna sí peaca náireach eicínt i dtús a saoil agus gur chuir an sagart a mhallacht uirthi os comhair an phobail i ngeall ar an bpeaca sin.

3
Deargadol

Leathanach 3

Scéalta