Fear siúil as Dúiche Sheoighe a tháinig isteach i dteach m’athar a d’inis an scéal seo dúinn
cois teallaigh oíche gharbh gheimhridh. Bhí an ghaoth ag caoineadh thart timpeall an tí,
ar nós mná ag caoineadh marbh, le linn labhartha dó, agus níodh sé a ghlór a ardú nó a ísliú
de réir mar a d’ardaíodh nó mar a d’íslíodh glór na gaoithe. Fear ard a bhí ann, súile fiáine aige, agus a chuid éadaigh beagnach ina mbalcaisí. Bhí saghas eagla orm roimhe nuair a tháinig sé isteach, agus níor lúide m’eagla a scéal.
‘Na trí feithidí is beannaithe ar an domhan,’ arsa an fear siúil, ‘an chadóg, an spideoigín agus bó Dé. Agus na trí feithidí is mallaithe ar an domhan, an nathair nimhe, an dreoilín agus an deargadaol.
Agus ’sé an deargadaol an fheithide is mallaithe acu. Is agamsa atá a fhios sin. Dá maródh fear do mhac, a bhean an tí, ná tabhair deargadaol mar ainm air. Dá dtiocfadh bean idir thú féin agus do chéile leapan, ná cuir i gcomórtas leis an deargadaol í.’

1
Deargadol

Leathanach 1

Scéalta