Bhí an sagart ag éisteacht go haireach.
'Ó! - agus nach iontach an t-aistear acu é ón Domhan Theas!
Fágann siad an machaire mór gainimhe ina ndiaidh agus na sléibhte arda maola atá
ar a imeall agus imíonn siad rompu go dtagann siad go dtí an mhuir mhór.
Amach leo thar an muir ag eitilt i gcónaí i gcónaí gan tuirse gan traochadh.
Feiceann siad síos uathu na tonntracha treathanmhóra, agus na loingis ag treabhadh na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleacha dubha na farraige, agus iontais eile nach bhféadfainn cuimhniú orthu. Agus scaití éiríonn gaoth agus gála is feiceann siad na longa á mbá is na tonntracha ag éirí i mullach a chéile; agus bíonn siad féin, na créatúir, á dtuargaint leis an ngaoth agus á ndalladh leis an mbáisteach agus leis an sáile nó go mbaineann siad amach an tír faoi dheireadh.

17
Eoghainín na nÉan

Leathanach 17

Scéalta