'Ag brionglóidigh mar is gnách leat, a Eoghainín?'
'Ní hea, a Athair. Tá mé ag caint leis na fáinleoga.'
'Ag caint leo?'
''Sea, a Athair. Bímid ag caint le chéile i gcónaí.'
'Agus cogar. Céard a bhíos sibh a rá le chéile?'
'Bímid ag caint ar na críocha i bhfad uainn a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus ar na farraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis, agus ar na cathracha aolgheala a gcónaíonn na ríthe iontu.'
Tháinig ionadh a chroí ar an sagart mar a tháinig ar an máthair roimhe sin.
'Tusa a bhíos ag cur síos ar na nithe seo agus iadsan ag éisteacht leat, is cosúil?'
'Ní mé, a Athair. Iadsan is mó a bhíos ag caint agus mise ag éisteacht leo.'
'Agus an dtuigeann tú a gcuid cainte, a Eoghainín?'
'Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann tusa í?'
'Ní go rómhaith a thuigim í. Déan áit dom ar an aill ansin agus suífidh mé tamall go míní tú dhom céard a bhíos siad a rá.'
Suas leis an sagart ar an aill agus shuigh le hais an ghasúirín. Chuir sé a lámh faoina mhuineál is thosaigh ag baint cainte as.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/white_story_board-d00bc738d3731dc1ce433ec9a39e7ba4f1e98dcd5254f719ee8bcf93bed738fe.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 12