Cuireadh Bairbre an tráthnóna sin ar thaobh an chnoic san áit ar chaith sise agus Brídín na laethanta fada samhraidh úd i measc na raithní is na mbláthanna. Tá méiríní ag fás ag ceann na huaighe, agus tá nóiníní is bainne bó bleachtáin go fairsing ina timpeall.
Roimh dhul a chodladh do Bhrídín an oíche sin, ghlaoigh sí anall ar a máthair.
‘Meas tú, a Mhama,’ ar sise, ‘an bhfeicfidh mé Bairbre ar neamh?’
‘B’fhéidir le Rí na Glóire go bhfeicfeá,’ a deir an mháthair.
‘Meas tú an bhfeicfead, a Dheaide?’ ar sise lena hathair.
‘Tá a fhios agam go binn go bhfeicfir,’ a deir an t-athair.
Gurb é sin Eachtra agus Oidhe Bhairbre go nuige sin.

23
Bairbre

Leathanach 23

Scéalta