Is dóigh go ndéarfar liom nárbh fhéidir na smaointe seo ná smaointe ar bith eile a bheith i gcroí Bhairbre, mar nach raibh inti ach bréagán maide gan mhothú, gan mheabhair, gan tuiscint, gan treoir. Mo fhreagra ar aon duine a labhrós mar seo liom: Cá bhfios dúinn? Cá bhfios duitse nó domsa nach bhfuil a mothú is a meabhair féin, a dtuiscint is a dtreoir féin, ag bábóga is ag bréagáin mhaide, ag an gcrann is ag an gcnoc, ag an abhainn is ag an eas, ag mionscotha na páirce is ag mionchlocha na trá? – is ea agus ag na céadta rudaí eile a fheicimid inár dtimpeall? Ní abraim go bhfuil; ach ba dhána an mhaise domsa nó d’aon duine eile a rá nach bhfuil. Is dóigh leis na páistí go bhfuil; agus is é mo bharúil gur tuisceanaí na páistí i nithe den sórt seo ná tusa is mise.

Lá amháin dá raibh Bairbre ina suí go huaigneach léi féin ina parlús, bhí Brídín agus Niamh Chinn Óir i séis chomhrá cois na tine; nó b’fhearr liom a rá go raibh Brídín i séis chomhrá léi féin, agus Niamh ag éisteacht léi; mar níor chuala aon duine focal as béal na Banríona riamh ach amháin ‘Mam-a’. Bhí máthair Bhrídín taobh amuigh den doras ag níochán. Bhí an t-athair ag cur fhataí sa gharraí. Níor fhan sa teach ach Brídín agus an dá bhábóg. Is dóigh go raibh an cailín beag tuirseach, mar chaith sí an mhaidin ag níochán (níodh sí braillín agus pluid na Banríona gach seachtain). Ba ghearr go dtáinig codladh uirthi. Ba ghearr ina dhiaidh sin gur lig sí a ceann ar a brollach is go raibh sí ina toirchim suain. Ní thuigim i gceart céard a d’éirigh tar éis sin, ach de réir cosúlachta bhí Brídín ag titim le fána, nó gur síneadh ar leac an teallaigh í i bhfoisceacht orlaigh don tine. Níor dhúisigh sí, mar bhí sí ina cnap codlata. Is cosúil go raibh Niamh Chinn Óir ina codladh freisin, ach cibé ar bith cén scéal é, níor chorraigh sí. Ní raibh aon duine sa teach leis an bpáiste beag grámhar a chosaint ar an mbás a bhí ag triall uirthi. Níorbh eol d’aon duine í a bheith i gcontúirt ach amháin do Dhia agus do – Bhairbre.

18
Bairbre

Leathanach 18

Scéalta