‘Banríon!’ arsa Brídín de ghuth íseal, mar bhí sórt scátha uirthi roimh an tsióg ghlórmhar seo. ‘Banríon ó Thír na nÓg! Féach, a Mhama, tá sí ina codladh. Meas tú an ndúiseoidh sí?’
‘Tóg i do láimh í,’ a deir an mháthair. Shín an cailín beag a dhá láimh amach go faiteach, leag go hurramach ar an mbábóg iontach iad, agus faoi dheireadh thóg as an mbosca í. Ní túisce a rug sí uirthi ná a d’oscail an bhábóg a súile agus a dúirt de ghlór caoin binn: ‘Mam-a!
‘Dia dár mbeannachadh,’ arsa an mháthair ag gearradh comhartha na croise uirthi féin, ‘tá urlabhra aici!’
Bhí faobhar neamhghnách i súile Bhrídín agus bhí lasadh neamhghnách ina ceannaghaidh. Ach ní dóigh liom go raibh sí leath chomh scanraithe is a bhí an mháthair. Bíonn páistí ag súil le hiontais i gcónaí, agus nuair a thiteas rud iontach amach ní chuireann sé an oiread uafáis orthu is a chuireas ar dhaoine fásta.
‘Tuige nach mbeadh urlabhra aici?’ arsa Brídín. ‘Nach bhfuil urlabhra ag Bairbre? Ach is binne i bhfad a guth seo ná guth Bhairbre.’
Mo léan thú, a Bhairbre! Cá raibh tú ar feadh na haimsire seo? I do luí ar an urlár san áit ar thit tú as láimh Bhrídín nuair a tháinig Beartlí isteach. Ní feasach mé an gcuala tú na briathra seo ó bhéal do charad. Má chualais, is dearfa go mb’arraing trí do chroí iad. Lean Brídín uirthi ag labhairt. Labhair sí go sciobtha, a dhá súil ar lasadh ina ceann:
‘Banríon í seo,’ ar sise. ‘Banríon sí! Féach an chulaith bhreá atá uirthi. Féach an brat sróil atá uirthi! Féach an mionn álainn atá uirthi! Is cosúil í leis an mbanríon údan a raibh Stiofán na Scéalta ag trácht uirthi an oíche cheana – an bhanríon a tháinig thar farraige ó Thír na nÓg ar marcaíocht ar an each bán. Cén t-ainm a bhí ar an mbanríon sin, a Mhama?’
‘Niamh Chinn Óir’.

15
Bairbre

Leathanach 15

Scéalta