B’as Baile Átha Cliath do Niamh Chinn Óir. Bean uasal a tháinig don Ghort Mhór ag foghlaim Gaeilge, gheall sí roimh imeacht di go gcuirfeadh sí seoid éigin chuig Brídín. Agus, ar ndóigh, chuir. Lá amháin, tuairim is seachtain tar éis imeacht di, shiúil Beartlí an Phosta isteach i lár na cisteanaí agus leag bosca mór ar an urlár.
‘Duitse, a bhean óg,’ ar seisean le Brídín.
‘Ara, céard atá ann, a Bheartlí?’
‘Cá bhfios dom? Sióg, b’fhéidir.’
‘Ó bhó! Cé bhfuair tú é?’
‘Ó fhirín beag glas, a raibh féasóg fhada ghorm air, caipín dearg ar a mhullach, agus é ar marcaíocht ar ghiorria.’
‘Óra, a dheaide! Agus céard a dúirt sé leat, a Bheartlí?’
‘Dheamhan ceo a dúirt sé ach “Tabhair é seo do Bhrídín, is mo bheannacht,” agus as go brách leis le sméideadh do shúl.’ Táim in amhras nárbh fhíor do Bheartlí an tuairisc seo ar fad, ach chreid Brídín gach focal di. Ghlaoigh sí ar a máthair, san áit a raibh sí istigh sa seomra ag tógáil na háite tar éis an bhricfeasta.

12
Bairbre

Leathanach 12

Scéalta