Má bhí Bairbre gan a bheith ródhathúil an chéad lá a dtáinig sí, luíonn sé le nádúr nach fearr an slacht a bhí uirthi tar éis bliain a chur di. Ach ba chuma le Brídín dathúil nó mídhathúil í. Thug sí grá a croí di ón gcéad nóiméad ar leag sí súil uirthi, agus is ag méadú a bhí an grá sin ó lá go lá. Nach ag an mbeirt acu a bhíodh an greann nuair a d’fhágadh an mháthair an teach faoina gcúram tráth a mbíodh sí ar cuairt tigh chomharsan! Bhíodh an t-urlár scuabtha agus na plátaí nite acu roimpi nuair a d’fhilleadh sí. Agus nach ar an máthair a bhíodh an t-ionadh, mar dhea!
‘An í Brídín a ghlan an t-urlár dá Mama?’ a deireadh sí.
‘Brídín agus Bairbre,’ a deireadh an cailín beag.
‘Muise, ní mé beo céard a dhéanfainn mura mbeadh an bheirt agaibh!’ a deireadh an mháthair. Agus nach ar Bhrídín a bhíodh an ríméad agus an bród! Agus na laethanta fada samhraidh a chuiridís díobh ar thaobh an chnoic, i measc na raithní agus na mbláthanna! – Brídín ag bailiú nóiníní is méiríní is bainne bó bleachtáin agus Bairbre á gcomhaireamh di (mar a deireadh sí); Brídín ag síorchaint agus ag insint scéalta nach gcuala duine ná daonnaí (ní áirím bábóigín) a leithéid riamh roimhe ná ó shin, agus Bairbre ag éisteacht léi; – caithfidh sé go mbíodh sí ag éisteacht go haireach, mar ní thagadh focal as a béal. Is é mo bharúil nach raibh gearrchaile i gConnachta ná, dá n-abróinn é, sa Roinn Eorpa, ba shásta shonasaí ná Brídín na laethanta úd; agus fágaim le huacht nach raibh bábóigín faoi luí na gréine ba shásta shonasaí ná Bairbre. Sin mar a bhí go dtáinig Niamh Chinn Óir.

10
Bairbre

Leathanach 10

Scéalta