D’fhill an mháthair abhaile roimh thráthnóna. Ba é an chéad fhocal a dúirt Brídín:
‘Ar thug tú an féirín leat, a Mhama?’
‘Thugas, a chuisle.’
‘Céard a thug tú leat?’
‘Tomhais!’ Bhí an mháthair ina seasamh i lár an urláir. Bhí amála leagtha ar an urlár aici agus a lámha taobh thiar di.
‘Sweets?’
‘Ní hea!’
‘Cáca milis?’
‘Ní hea, muis! Tá cáca milis i mo mhála agam ach ní hé sin an féirín.’
‘Péire stocaí!’ Níor chaith Brídín bróga ná stocaí riamh agus b’fhada di ag tnúthán leo.
‘Ní hea, go deimhin! Tá tú ró-óg le haghaidh stocaí go fóillín.’
‘Leabhar urnaithe!’ Ní gá dom a rá nach raibh Brídín in ann léamh (arae níor chuir sí lá isteach ar scoil ina saol), ach cheap sí go raibh.
‘Leabhar urnaithe!’ ar sise.
‘Ní hea, ar chor ar bith!’
‘Céard é féin, deile?’
‘Breathnaigh!’
Leath an mháthair a dhá láimh, agus céard a nochtfadh sí ach bábóigín! Bábóigín beag adhmaid a raibh plaitín inti, agus í geamhchaoch; ach bhí a dhá grua chomh dearg le caor agus bhí smigeadh gáire ar a béal. Aon duine a mbeadh cion aige do bhábóga, thabharfadh sé gean agus grá di.
Las súile Bhrídín le háthas.

5
Bairbre

Leathanach 5

Scéalta