EACHTRA BHAIRBRE ANSEO
Lá dár éirigh máthair Bhrídín, thug sí a mbricfeasta do Bhrídín agus dá hathair, don ghadhar, don chaitín, do na gamhna, do na cearca, do na géanna, do na lachain, agus do spideoigín a thagadh go dtí an doras am bricfeasta gach uile mhaidin. Nuair a bhí an méid sin déanta aici d’ith sí a bricfeasta féin. Ansin thosaigh sí á gléasadh féin le haghaidh an bhóthair.
Bhí Brídín ina suí ar a stóilín féin gan smid aisti, ach í ag cur na súl trína máthair. Sa deireadh thiar thall labhair sí:
‘An bhfuil Mama ag imeacht ó Bhrídín?’
‘Níl, a stór. Tiocfaidh Mama arís tráthnóna. Tá sí ag dul go Gaillimh.’
‘An bhfuil Brídín ag dul ann freisin?’
‘Níl, a chuid. Tá an bealach rófhada agus bheadh mo chailín beag tuirseach. Fanfaidh sí sa mbaile ag déanamh spraoi di féin, mar a dhéanfadh cailín maith. Nach bhfanfaidh?’
‘Fanfaidh.’
‘Ní rachaidh sí amach ar an tsráid?’
‘Ní rachaidh.’
‘Tiocfaidh Dheaide isteach am dinnéir agus beidh béile agaibh le chéile. Tabhair póg do Mhama anois.’
Tugadh an phóg agus bhí an mháthair ag imeacht. Phreab Brídín ina seasamh.
‘A Mhama!’
‘Céard é féin, a rún?’
‘Nach dtabharfaidh tú féirín abhaile chuig Brídín?’
‘Tabharfad, a chuid. Féirín deas.’

2
Bairbre

Leathanach 2

Scéalta