Lá dár scaoileadh malraigh an Ghoirt Mhóir amach ó scoil, tar éis imeachta soir do mhuintir Ghleann Chatha agus do mhuintir Dhoire an Bhainbh, d'fhan muintir an Turlaigh agus muintir Inbhir le scaitheamh cainte a bheith acu roimh scaradh dóibh ag bothar Ros na gCaorach. Tá teach an mháistir go díreach ag ceann an bhóthair, a chúl leis an gcnoc agus a aghaidh ar Loch Eiliúrach.
'Chuala mé go raibh meacha an mháistir ag éirí,' a deir Micilín Bheairtle Éanna.
'Teanna uait isteach sa ngarraí go mbreathnaíodh muid orthu,' a deir Darach Bhairbre an Droichid.
'Ní ligfeadh an faitíos dhom,' arsa Micilín.
'Cén faitíos atá ort?' a deir Darach.
'Ar ndóigh, beidh an máistir agus an mháistreás anoir ar ball.'
'Cé a fhanfas le focal an fhaire a thabhairt dúinn nuair a bhéas an máistir ag tíocht?' arsa Darach.
'Fanfaidh mise,' a deir Antaine Beag Ó Mainnín.
'Déanfaidh sin,' arsa Darach. 'Lig fead nuair a fheicfeas tú ag fágáil na scoile é.'

1
An Gadaí

Leathanach 1

Scéalta