'Cé a dúirt leat go raibh tú ag teastáil uaim, a Athair?' ar seisean de ghlór lag íseal,
nuair a bhí gach ní déanta.
'Bhí mé ag guí Dé go dtiocfá, ach ní raibh aon teachtaire agam le cur faoi do dhéin.'
'Ach chuir tú teachtaire chugam, ar ndóigh?' a deir an sagart agus ionadh mór air.
'Níor chuireas.'
'Níor chuiris? Ach tháinig gasúirín beag agus bhuail sé ar mo dhoras agus dúirt sé liom go raibh mo chúnamh ag teastáil uait!' Dhírigh an seanfhear aniar sa leaba. Bhí faobhar ina shúile.
'Cén sórt gasúirín a bhí ann, a Athair?'
'Buachaillín beag caoin a raibh cóta bán air.'
'Ar thug tú faoi deara mar a bheadh scáile solais thart timpeall a chinn?'
'Thugas, agus chuir sé ionadh mór orm.'
D'fhéach Sean-Mhaitias suas, tháinig
meangadh gáire ar a bhéal, agus shín sé
amach a dhá láimh.
'Íosagán!' ar seisean.
Leis an bhfocal sin thit sé siar ar an leaba.
Dhruid an sagart anonn go socair agus dhún a shúile.

16
Íosagáin

Leathanach 16

Scéalta