Tháinig an oíche fliuch stoirmiúil. Cluineadh na tonnta móra ag briseadh le fuamán
in aghaidh an chladaigh. Bhí na crainn thart timpeall ar theach an phobail ag luascadh is
ag lúbadh le neart na gaoithe. (Tá an séipéal ar ardán atá ag titim le fána síos go farraige.)
Bhí an tAthair Seán ar tí a leabhar a dhúnadh agus a phaidrín a rá nuair a chuala sé an torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais.
D'éist sé ar feadh scaithimh.
Chuala sé an torann arís. D'éirigh sé ón tine, chuaigh go dtí an doras, agus d'oscail é. Bhí gasúr beag fir ina sheasamh ar leac an dorais - gasúr nár chuimhneach leis an sagart a fheiceáil riamh roimhe. Bhí cóta bán air agus é gan bhróga gan chaipín. Facthas don sagart go raibh gaethe solais ag lonrú óna ghnúis agus timpeall a mhullaigh. An ghealach a bhí ag taitneamh ar a chaomhcheann donn, b'fhéidir.
'Cé atá anseo agam?' arsa an tAthair Seán.
'Cuir ort chomh tapa is is féidir leat é, a Athair, is buail soir go dtí teach Shean-Mhaitiais. Tá sé i mbéala báis.'

14
Íosagáin

Leathanach 14

Scéalta