'Cé gcónaíonn tú, a Íosagáin?' ar seisean, ag labhairt os íseal i gcónaí.
'Ní fada as seo mo Theach. Cad chuige nach dtagann tú ar cuairt chugam?
' 'Bheadh faitíos orm i dteach ríoga. Insítear dhom go bhfuil d'Athair ina Rí.'
'Is é Ardrí an domhain é. Ach níor ghá dhuit faitíos a bheith ort roimhe. Tá sé lán de thrócaire is de ghrá.''Is baolach liom nár choinnigh mé a dhlí.'
'Iarr maithiúnas air. Déanfadsa is mo Mháthair idirghuí ar do shon.'
'Is trua liom nach bhfaca mé roimhe seo thú, a Íosagáin. Cé raibh tú uaim?'
'Bhí mé anseo i gcónaí. Bím ag taisteal na mbóthar is ag siúl na gcnoc is ag treabhadh na dtonn. Bím i lár an phobail nuair a chruinníos siad isteach i mo Theach. Bím i measc na bpáistí a fhágas siad ina ndiaidh ag cleasaíocht ar an tsráid.'
'Bhí mise rófhaiteach - nó ró-uaibhreach - le dul isteach i do theach, a Íosagáin; ach fuair mé i measc na bpáistí thú.'
'Níl aon am ná áit dá mbíonn páistí ag súgradh dóibh féin nach mbímse ina bhfochair.
Amanta chíonn siad mé; amanta eile ní fheiceann.'

12
Íosagáin

Leathanach 12

Scéalta