An Domhnach ina dhiaidh sin bhí Sean-Mhaitias ina shuí le hais a dhorais, mar ba ghnách.
Bhí an pobal bailithe siar chuig an Aifreann. Bhí an dream óg ag ritheacht is ag caitheamh
léim ar an bhfaiche. Ag ritheacht is ag caitheamh léim ina bhfochair bhí an páiste deorata.
D'fhéach Maitias air ar feadh i bhfad, mar thug sé taitneamh a chroí dó i ngeall ar áilleacht
a phearsan agus gile a éadain. Sa deireadh ghlaoigh sé anall ar dhuine de na buachaillí beaga.
'Cé hé an malrach údan a fheicim in bhur measc le coicís, a Chóilín?' ar seisean, 'é sin a bhfuil an cloigeann donn air - ach fainic nach bánrua atá sé: níl a fhios agam an dubh nó fionn é is an chaoi a bhfuil an ghrian ag scalladh air. An bhfeiceann tú anois é - é sin atá ag rith chugainn?
'Sin é Íosagán,' a deir an scorach beag.
'Íosagán?'
'Sin é an t-ainm a thugas sé air féin.'
'Cé dhar díobh é?'
'Níl a fhios agam, ach deir sé go bhfuil a Athair ina Rí.'
'Cé gcónaíonn sé?'
'Níor inis sé é sin riamh dúinn, ach deir sé nach fada uainn a theach.'
'An mbíonn sé in éindí libh go minic?'
'Bíonn, nuair a bhíos sinn ag caitheamh aimsire dhúinn féin mar seo. Ach imíonn sé uainn nuair a thagas daoine fásta sa láthair. Féach! tá sé imithe cheana!'
Bhreathnaigh an seanfhear, agus ní raibh ann ach na malraigh a raibh aithne aige orthu.
Bhí an Páiste ar a dtug an gasúirín 'Íosagán' ar iarraidh.
An nóiméad céanna cluineadh fothram is tormán na ndaoine ag filleadh ón Aifreann.

9
Íosagáin

Leathanach 9

Scéalta