Chuala sí an fhuaim. Coiscéim ar leac an dorais. Chonaic sí bean óg ag teacht isteach agus Leanbh fáiscthe lena hucht aici. Dhruid an bhean óg aníos chun na tine. Shuigh sí ar an gcathaoir. Thosaigh sí ag crónán os íseal dá Leanbh. D’aithin Máire an ceol. Is é an ceol a bhí ann Crónán na Banaltra. Tamall dóibh mar sin. An bhean ag fáscadh a Linbh lena hucht agus ag crónán go fíorbhinn, go fíorbhog. Máire ar a dhá glúin faoi scáth an dorais. Ní raibh inti labhairt ná corraí. Is ar éigean a bhí inti a hanáil a tharraingt.
Sa deireadh d’éirigh an bhean. Is ansin a d’éirigh Máire. Chuaigh sí anonn chun na mná.
‘A Mhuire,’ ar sise de ghlór an-íseal.
Thiontaigh an bhean a haghaidh uirthi. Aghaidh álainn mhaorga ab ea í.
‘A Mhuire,’ a deir Máire arís, ‘impí agam ort.’
‘Abair,’ arsa an bhean eile.
‘Leanbh ag ól bainne mo chíche,’ arsa Máire. ‘Ná diúltaigh mé, a Mhuire.’

11
An Mháthair

Leathanach 11

Scéalta