B’fhada le Máire go dtáinig Oíche Nollag. Ach mar a théas caitheamh i ngach ní, chuaigh caitheamh sa chairde aimsire sin. B’fhada léi lá Oíche Nollag go dtáinig an deireadh lae. Scuab sí urlár an tí agus ghlan sí na cathaoireacha agus d’fhadaigh sí tine théagartha roimh dhul a chodladh di. D’fhág sí an doras ar oscailt agus leag sí coinneal fhada gheal san fhuinneog. Nuair a shín sí le hais a fir, níor chun codlata é, ach chun faire. B’fhada léi gur chodail a fear. D’airigh sí faoi dheireadh ar a chiúine is a bhí sé ag tarraingt a anála go raibh sé ina chodladh. Ansin d’éirigh sí, chuir uimpi a gúna, agus théaltaigh amach go dtí an chistin. Ní raibh aon duine roimpi. Ní raibh fiú na luiche ag corraí sa teach. Bhí na criogair féin ina gcodladh. Bhí an tine ina gríosach dhearg. Bhí an choinneal ag lonrú go soilseach. Chrom sí ar a glúine i ndoras an tseomra. Ba bhinn léi ciúnas an tí sa mheán oíche, cé go mb’uafar. Tháinig ardú aigne uirthi mar a thigeadh uaireanta sa séipéal agus í ar tí Corp Chríost a ghlacadh ó lámha an tsagairt. Thuig sí ar mhodh éigin nárbh fhada uaithi an Mhórgacht Dhofheicthe agus gur ghearr go gcluinfeadh sí a coiscéim. D’éist sí go foighneach. Bhí an teach féin, dar léi, agus a raibh ann idir bheo agus neamhbheo, ag éisteacht freisin. Bhí na cnoic ag éisteacht agus clocha na talún agus reanna réaltanacha na spéire.

9
An Mháthair

Leathanach 9

Scéalta