Bhí mar a bheadh caor thine i gcroí na mná sin agus í ag dul an bóthar abhaile faoi dhorchadas na hoíche. Mórmhian a hanama a bhí á creachadh agus á loscadh le fada i mian clainne. Bhí sí pósta le ceithre bliana, ach ní raibh aon chlann aici. Is minic a chaitheadh sí na huaireanta ar a glúine ag guí Dé leanbh a chur chuici. Is minic a d’éiríodh sí den leaba de shiúl oíche agus dul ar a dhá glúin nochta ar an leac fhuar chrua ag déanamh na hachainí céanna. Is iomaí pionós a chuireadh sí uirthi féin le súil go mbogfadh crá a colainne croí Dé. Is minic, nuair a bhíodh a fear as baile, a théadh sí a chodladh gan dinnéar gan suipéar. Uair nó dhó, nuair a bhí a fear ina chodladh, d’fhág sí an leaba agus chuaigh amach agus sheas scaitheamh fada faoi dhrúcht na hoíche ag cur a himpí go huaigneach chun na spéartha dorcha. Uair amháin bhain sí fuil as a slinneáin le buillí a thug sí di féin le lasc. Uair eile sháigh sí dealga isteach ina feoil i gcuimhne ar an gcoróin spíonta a chuaigh ar mhala an tSlánaitheora. Bhí na pionóis agus an crá croí ag goilliúint ar a sláinte. Níor thuig aon duine céard a bhí uirthi. Níor thuig a fear féin, fear macánta modhúil, an scéal i gceart, cé gur minic a chluineadh sé san oíche í ag caint léi féin mar a bheadh
máthair ag caint le leanbh nuair a mhothódh sí a lámh nó a bhéal lena cíoch. Faraor géar, is iomaí bean a fháisceas lena croí agus a labhraíos go híseal i gciúintráth na hoíche le leanbh nár rugadh is nach mbéarfar.

7
An Mháthair

Leathanach 7

Scéalta