Shíl Antaine gur ag brionglóideach a bhí sé. Nó shíl sé nach duine saolta Neans bheag ar chor ar bith, ach aingeal as na flaithis anuas. Bhí fonn air dul ar a ghlúine ina fianaise.
Nuair a d'imigh an mháistreás agus Neans bheag, rith Antaine amach an doras iata agus réab leis trasna an gharraí ionas go raibh sé rompu ag bun an bhóithrín ag dul amach ar bóthar dóibh.
'A Neans,' ar seisean, ''séard a rinne mé í a ghoid - an bhábóg.'
'Ná bac leis, a Antaine,' arsa Neans. 'Rinne tú maitheas d'Eibhlín.'
D'fhan Antaine ina staic ar an mbóthar agus níor fhéad sé focal eile a rá.
Nach air a bhí an bród ag tabhairt tí na bábóige abhaile d'Eibhlín tar éis scoile lá arna mhárach! Agus nach acu a bhí an greann an tráthnóna sin ag réiteach an tí agus ag glanadh an troscáin agus ag cur na bábóige a chodladh ar a leaba bheag!

12
An Gadaí

Leathanach 12

Scéalta