Céard é sin?
Glórtha daoine ag teacht chuici; fuaim coiscéimeanna ar an gcosán ina haice!
Is ansin a chuimhnigh sí go raibh aicearra thart le cúl an tí agus go mbeadh roinnt daoine
ag dul an t-aicearra. B’fhéidir go mbeadh a muintir féin ag dul an bealach sin,
mar bhí sé beagán níos giorra ná thart le bóthar.
Tháinig scata beag chuici: d’aithin sí ar a nglórtha gurb iad muintir Pheaitín Johnny iad.
Chuadar thart. Scata beag eile: muintir an Bhádóra. Thángadar chomh gar sin di gur shatail Éamonn ar a coisín bocht nochta. Is beag nár lig sí scread aisti an dara huair, ach ní dhearna ach í féin a bhrú níos gaire don bhalla. Bhí scata eile i leith: a Dhia mhóir, a muintir féin! Bhí Cuimín ag rá, ‘Nárbh iontach an spóirt Marcaisín ag damhsa!’ Chuimil gúna a máthar le leaca Nóra ag dul thart dóibh: níor tharraing sí a hanáil ar feadh an ama sin. Chuaigh dream nó dhó eile thart. D’éist sí ar feadh tamaill. Ní raibh aon duine eile ag teacht. Is amhlaidh a bhíodar ar fad imithe, a dúirt sí léi féin. Amach léi as a hionad folaigh agus lasc léi thart an cosán. Plimp! Rith sí in aghaidh duine éigin. Bhí dhá láimh mhóra timpeall uirthi. Chuala sí glór fir. D’aithin sí an glór. An sagart a bhí ann.

12
Na Bóithre

Leathanach 12

Scéalta