Agus tháinig deora i súile na máthar de bharr an bhuíochais a bhí aici do Neans bheag mar gheall ar gur chuimhnigh sí ar an leanbh a bhí tinn. Cé nár fhéad sé féachaint idir na súile ar a mháthair ná ar Eibhlín le teann náire, bhí áthas ar Antaine go ndearna sé an ghoid.
Bhí eagla air a phaidreacha a rá an oíche sin, agus luigh sé ar a leaba gan phaidir. Ní fhéadfadh sé gníomh croíbhrú a dhéanamh mar ní go fírinneach a d'fhéadfadh sé a rá le Dia go raibh brón air faoin bpeaca sin. Is minic a scanraigh sé san oíche arna shamhlú dó go raibh Neans bheag ag teacht ag iarraidh na bábóige ar Eibhlín, go raibh an máistir ag cur na gadaíochta ina leith os comhair na scoile, go raibh urchar iontach beach ag éirí ina choinne agus Darach Bhairbre an Droichid agus na gasúir eile á ngríosú le gártha béil agus le ceol drumaí. Ach ar maidin lá arna mhárach dúirt sé leis féin: 'Is cuma liom. Cuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín.'
Nuair a chuaigh sé chun scoile d'fhiafraigh na gasúir de cad chuige ar imigh sé i ngan fhios an tráthnóna roimhe sin agus é tar éis a gheallta dóibh go ndéanfadh sé faire.
'Mo mháthair a chuir fios orm,' arsa Antaine. 'Bhí gnaithe aici dhíom.'

6
An Gadaí

Leathanach 6

Scéalta