D'éirigh duine de na breithiúna ina sheasamh. Mhol sé Bríd go mór. Mhol sé an ghirseach óg go mór freisin. Bhí sé an-fhadálach. 'Cé acu a ghnóthaigh an duais?' arsa duine againne sa deireadh, nuair a bhí ár gcuid foighne caite. 'Ó, an duais!' ar seisean. ''Sea, i dtaobh na duaise, táimid á tabhairt do Nóra Ní Chasaide (an cailín óg), ach táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt do Bhríd Ní Mhainnín (.i. Bríd seo againne). Cuirfear Nóra Ní Chasaide go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas.' Chuir muintir Mhaigh Chaorthainn liú astu, mar b'as Maigh Chaorthainn Nóra Ní Chasaide. Ní dúramarna faic. Bhreathnaíos anonn ar Bhríd. Bhí a héadan bánliath, agus í ar crith ina baill. 'Céard a dúirt tú, a dhuine uasail, le do thoil?' ar sise de ghlór aisteach. 'An agamsa atá an duais?' 'Táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt duit, a bhean chóir, mar chruthaigh tú go rímhaith, chruthaigh sin, ach is do Nóra Ní Chasaide atá duais na Feise molta.' Níor labhair Bríd focal, ach is amhlaidh a d'éirigh sí ina seasamh agus, gan breathnú thairsti do thaobh na láimhe deise ná do thaobh na láimhe clé, thug an doras
amach uirthi féin. Bhuail sí an bóthar go Ros na gCaorach, agus bhí sí romhainn nuair a shroicheamar an baile go deireanach san oíche.

6
Bríd na nAmhrán

Leathanach 6

Scéalta