Ní nach ionadh, nuair a chualamar go raibh Feis le bheith i Maigh Chaor-
thainn, shocraíomar go léir inár n-intinn gur ag Bríd a bheadh an duais ar an amhránaíocht, dá ngabhfadh sí ann. Ní raibh aon duine eile, d'amhránaí fir ná d'amhránaí mná, leath chomh maith léi sna seacht bparóistí. Níorbh fhéidir go mbuailfí í, dá mbeadh ceart le fáil. Chuirfeadh sí ionadh ar mhuintir Mhaigh Chaorthainn agus ar na daoine uaisle a bheadh ann as Gaillimh agus as Tuaim. Thuillfeadh sí clú agus cáil do Ros na gCaorach. Bhéarfadh sí an duais go réidh agus chuirfí go Baile Átha Cliath í le amhrán a ghabháil ag an Oireachtas. Bhí sórt leisce ar Bhríd ar dtús. Bhí sí róshean, a dúirt sí. Ní raibh a guth chomh maith is a bhíodh. Ní raibh a hanáil aici. Bhí cuid de na hamhráin ag imeacht as a cuimhne. Níor theastaigh duais uaithi. Nach raibh a fhios ag Feara Fáil gurbh í an t-amhránaí ab fhearr in Iar-Chonnachta í? Nár mhol an Reachtúrach í, nach ndearna Colm a Bhailís amhrán ina honóir, nár bhain sí deora as súile Sheáin Mhic Éil? Dúirt Bríd an méid sin agus a sheacht n-oiread eile; ach ba léir san am céanna go raibh fonn uirthi dul chun na Feise agus bhí a fhios againn uile go ngabhfadh.
Le scéal gairid a dhéanamh de, bhíomar léi nó gur bhaineamar gealladh aisti go rachadh sí ann.

3
Bríd na nAmhrán

Leathanach 3

Scéalta